Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Scéal - Nuacht RTE 28/03/2017 http://www.rte.ie/news/nuacht/2017/0328/863176-conspoidh-faoi-mhaoiniu/

Chinn ar chomhairleoiri contae na Gaillimhe socrú a dhéanamh ag cruinniú inné faoin méid airgid a ba cheart a chur ar fáil do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2020.

Mhol an Príomhfheidhmeannach Kevin Kelly go gcuirfí €2 mhilliún ar fáil ach níor aontaigh na comhairleoirí leis.

Dúirt an Comhairleoir Contae Tomás Ó Curraoin ó Shinn Féin Poblachtach gurbh fhearr leis féin maoiniú a chur ar fáil do bhóithre sa chontae ná airgead a chaitheamh ar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2020.

Níl a fhios ag feidhmeannaigh na comhairle cé as a dtiocfaidh an t-airgead atá siad a mholadh a chur ar fáil, a dúirt sé.

Tá seisear ag obair leis an bhfeachtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa faoi lathair agus ceapfar príomhfheidhmeannach nua air go gairid.

Luadh go gcosnódh pá na foirne atá ag obair ar an bhfeachtas seo €250,000 ach dúirt Tomás Ó Curraoin nach bhfuil an t-airgead sin ag an gcomhairle contae.

Beidh cruinniú faoin bhfeachtas ag an eagraíocht Gaillimh 2020 sa Chlochán anocht le heolas a thabhairt don phobal faoin obair atá ar bun acu. I dTeach an Stáisiúin ar an mbaile ag 8 a chlog a bheas an cruinniú.

 

 

Read 81 times
Rate this item
(0 votes)