Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Cuireadh tús le #Comhrá16, curiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh, ag meánlae inné (Dé Máirt, 11 Deireadh Fómhair 2016). Tá breis is 70 grúpa in Éirinn agus thar sáile cláraithe cheana féin le páirt a ghlacadh sa chomhrá ar-líne a mhairfidh 170 uair a’chloig ar an iomlán.
​Tá an comhrá Gaeilge gan stad á shruthú beo ar  www.snag.ie/comhra ar feadh na seachtaine agus is féidir le daoine ar fud an domhain páirt idirghníomhach a ghlacadh sa churiarracht ar-líne tríd an haischlib #Comhrá16 a úsáid ar Twitter. Tiocfaidh #Comhrá16 chun críche le hócáid speisialta i dteannta fhoireann TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe ag 3.00in Dé Máirt, 18 Deireadh Fómhair 2016. 

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

“Is deis ar leith do ghrúpaí teanga thar lear nascadh le gréasán idirnáisiúnta de Ghaeilgeoirí é #Comhrá16, agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh tógáil ar an togra de shíor. Beidh idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo.”

Áirítear Gaeilgeoirí Toronto i gCeanada, Craobh Hong Cong de Chonradh na Gaeilge sa tSín, ciorcal comhrá Gaeilge i Madrid sa Spáinn, Scoil na Gaeilge Sydney san Astráil, Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal in California, agus An Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras na Fraince i measc na ngrúpaí idirnáisiúnta atá ag glacadh páirte sa churiarracht #Comhrá16 i mbliana.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge an-sásta go bhfuil an oiread sin grúpaí idirnáisiúnta ag glacadh páirte sa churiarracht domhanda #Comhrá16 i mbliana. Táimid ag tnúth go mór le béim faoi leith a chur ar phobal diaspóra na teanga le dúshlán cainte na bliana seo, agus molaimid do dhaoine comhrá a dhéanamh le Gaeilgeoirí i gcóngar agus i gcéin ar-líne leis an haischlib #Comhrá16 idir 11 – 18 Deireadh Fómhair 2016.”

Tá gach eolas ar fáil ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ag www.snag.ie/comhra agus tá amanna ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh clárú le #Comhrá16 go fóill. Is féidir le grúpaí nua amharc ar an amchlár ar www.snag.ie/comhra agus an t-am is oiriúnaí don ghrúpa a roghnú chun páirt a ghlacadh sa churiarracht #Comhrá16. Tá foirm chlárúcháin #Comhrá16 ar fáil ó www.snag.ie/comhra freisin agus seolfaidh foireann Sheachtain na Gaeilge níos mó eolais, treoracha, agus riachtanais teicneolaíochta chuig gach grúpa nua.​

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar bhain 90 grúpa 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Tá físeán le blaisín de dhúshlán Comhrá ’15 na bliana seo caite ar fáil ar YouTube Chonradh na Gaeilge: https://www.youtube.com/watch?v=jyI7tF6T4ZU.

Read 180 times
Rate this item
(0 votes)