Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh Comhdháil CAER 2016 ar siúl san Óstán Knightsbrook, Baile Átha Troim, Co. na Mí, ar 3ú agus 4ú de mhí an Mhárta. Beidh saineolaithe ann a bfhuil cáil idirnáisiúnta orthu le cainteanna a thabhairt sna réimsí ilteangachais agus oideachais.

Bunaíodh CAER (Cumann Oideachas na Réigiúin Eorpach) i 1995 ar mhaithe leis an oideachas trí mhionteangacha a fhorbairt agus a chur chun cinn. Le blianta anuas tá an eagraíocht tar éis tionscnaimh a chomhordú mar aon le gréasáin agus naisc a chruthú idir réigiúin éagsúla san Eoraip ina bhfuil daoine ag foghlaim trí mhionteanga. Is é misean na heagraíochta oideachas trí mhionteangacha a chur chun cinn agus a fheabhsú.

Is mór an imeacht é seo dóibh siúd atá páirteach san oideachas agus sna heagraíochtaí mionteanga sa chomhdháil seo mar go mbeidh na hábhair faoi chaibidil bunaithe ar na hargóintí ar son ilteangachais agus conas ilteangachas a bhaint amach. San áireamh beidh cainteanna ó shaineolaithe idirnáisiúnta ar thorthaí an taighde is déanaí ar an ilteangachas agus beidh léargas ar leith ar fáil faoin na modhanna is éifeachtaí a bhaint amach.

Má tá tú páirteach san oideachas nó in eagraíocht mhionteanga, bainfidh tú tairbhe as an deis léargas a fháil sa taighde a léiríonn na buntáistí cruthaithe a bhaineann le hilteangachas.

Tuilleadh Eolais

 

Read 734 times
Rate this item
(0 votes)