Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá Club Áras na nGael ag cur lena chlár geimhridh le sraith ceolchoirmeacha seachtainiúla Gaeilge.  ‘Gigeanna na hAoine’ a chuirtear air seo agus is é sprioc an chláir ná ardán a chur ar fáil do scoth an cheoil Gaeilge agus oícheanta siamsaíochta iontacha a chur ar siúl don lucht féachanna.

Dúirt Ursula Ní Shabhaois, Bainisteoir Chlub Áras na nGael:

“Bíonn i gcónaí ceol den scoth le cloisteáil i gClub Áras na nGael, bíodh sin sna gigeanna beo a bhíonn againn nó sna seisiúin ceoil traidisiúnta ar oícheanta Sathairn.  Le Gigeanna na hAoine, ba mhaith linn cur le minicíocht na ngigeanna beo agus ardán a thabhairt do cheoltóirí le Gaeilge, idir iad siúd atá i mbun chamchuairteanna fud fad na tíre cheánna féin agus iad siúd atá díreach ag toiseacht amach.  Ba mhaith linn cloisteáil ó ghrúpaí a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa sraith seo, mar phríomh-acht nó mar thacaíocht do ghrúpaí eile.”

Dúirt Caoimhe Ní Ghriallais, Leas-Bhainisteoir Chlub Áras na nGael:

“Tá sraith ceolchoirmeacha iontacha i ndiaidh bheith ar siúl sa chlub le Spats Columbo, Dysania, JJ Ó Dochartaigh agus eile ar an ardán le cúpla mí anuas.  Cheánna féin, tá muid ag dúil go mór leis na gigeanna atá le teacht go luath ar nós Pádraig Jack, A Band Called Wanda agus Lás ina measc.  Is deis iontach é seo do cheoltóirí nua ach go háirithe ardán a bheith acu lena gcuid ceoil a roinnt, agus sraith oícheanta siamsaíochta sultmhar a bheas ann do phobal na Gaeilge sa chathair freisin.”

Cuirtear fáilte roimh teagmháil ó cheoltóirí ar suim leo bheith ar ardán Chlub Áras na nGae ar 091 567824 nó ar gaillimh@cnag.ie.  Obair íoctha atá i gceist leis seo agus cuirtear tacaíocht agus cúnamh ar fáil ó thaobh bolscaireacht de don cheolchoirm. 

 

 

 

 

Read 170 times
Rate this item
(0 votes)