Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag an Irish News, 30/01/2016

Ní hea lucht CLG amháin atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn - tá foireann amháin i sraith na hÉireann ó thuaidh atá thar a bheith báúil don teanga. Inniú, tá Cumann Lucht Leanúna na nGaeilgeoirí Cliftonville le bileoga a scaipeadh ag an cluiche in éadan Phort an Dúnáin ar a bhfuil frásaí Gaeilge a bheadh oiriúnach do chluiche sacair. 

Beannachtaí, an fhoireann, an cluiche, an aimsir, an cumann agus téarmaí eile atá sa bhileog snasta atá maoinithe ag Foras na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge.

Meastar gurb é Cliftonville an chéad chlub sacair lena leitheid a dhéanamh.

Read 710 times
Rate this item
(0 votes)