Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh tús spleodrach á cur leis an mbliain úr ag Craobh Ghaeltacht na nDéise, Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar an Domhnach beag seo.  Reáchtálfar an chéad seisiúin cheol den bhliain ar an 10 Eanáir i Halla Pobail na Rinne idir 3i.n. agus 5i.n..  Beidh fáilte roimh chách, ach go háirithe roimh cheoltóirí agus amhránaithe óga teacht agus páirt a ghlacadh sa seisiún.

Is imeacht míosúil an tseisiúin seo, a chuireann Craobh Ghaeltacht na nDéise ar siúl don phobal.  Déanfar an suíomh ag malartú idir An Sean-Phobal agus An Rinn gach dara mí, agus bíonn fáilte roimh cheoltóirí óga, bíodh siad ina mball nó gan a bheith ina mball.  Beidh cead isteach ar an Domhnach mar a leanas:

Baill:  €2 do dhuine fásta, €1 do pháiste agus €4 do chlann. 
Daoine nach baill iad: €3 do dhuine fásta, €2 do pháiste agus €6 do chlann.

Chuile mhí bíonn aoi speisialta ag seisiúin Chraobh Ghaeltacht na nDéise agus sé an rinceoir ar an sean-nós, Seosamh Ó Neachtain a bheidh ag cur leis an spraoi ag seisiúin na míosa seo.   Is rinceoir ón Spidéal i gContae na Gaillimhe é Seosamh a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige toisc a scileanna mar rinceoir sean-nóis. Tabharfaidh Seosamh ceardlanna rince sa Halla mór ar feadh dhá uair a chloig ar an Domhnach, fad is a bheidh an seisiún ceoil dos na páistí ar siúl sa Chistin óna 4.00i.n. ar aghaidh, a bhuíochas le Scéim Steip na nDéise de chuid Chomhlucht Forbartha na nDéise.

Deir Ciarán Ó Gealbháin, Cathaoirleach an Chraoibh, go bhfuil siad ag súil le gach éinne a fheiscint thar n-ais in Halla Pobail na Rinne tar éis saoire na Nollag. “Bhí seisiún an-dheas againn in Halla Cholmáin sa Sean-Phobal ag tús Mhí na Nollag”, arsa Ciarán. “Bhaineamar ana-thaitneamh as, agus bhí Cóisir na Nollag againn chomh maith le seacláid te agus soláistí bheaga dos na páistí agus scailtín fíona dos na tuismitheoirí. Bhí ana-cheol, chomhluadar agus  chraic againn agus táimid ag súil anois tabhairt faoi bhliain úr rathúil lenár gCraobh nua-bhunaithe.”

Má tá a thuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le Rúnaí Chraobh Ghaeltacht na nDéise CCÉ, Yvonne Uí Chadhain ar (087) 4101718.

Read 310 times
Rate this item
(0 votes)