Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tháinig painéal de shaineolaithe ó ghort na Gaeilge, na Breatnaise agus ó earnáil na gCeart Daonna i gcionn a chéile ag Comhdháil a d’eagraigh Conradh na Gaeilge. Tionóladh an toscaireacht mar chuid d’Fhéile Chearta Daonna ó thuaidh, sa MAC i mBéal Feirste inniu (Déardaoin 8 Nollaig 2016) chun ceist na Gaeilge agus cearta teanga a phlé i comhthéacs Chearta Daonna.

I measc na gcainteoirí, labhair Stiúrthóir PPR, Nicola Browne, agus Daniel Holder leas-Stiúrthóir an CAJ, maidir le cearta daonna iontu féin agus samplaí de chur i bhfeidhm cearta daonna ó thuaidh agus ar bhonn idirnáisiúnta, sular thóg Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, mar aon le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir le Glór na Móna i mBéal Feirste, ceist cearta teanga do phobal na Gaeilge, cearta atá go mór ar iarraidh sna sé chontae, agus nach bhfuil ag teacht leis an chur chuige reachtaíochta sna dlínsí eile ar na hoileáin seo.  Chríochnaigh Jamie Bevan, a bhfuil na blianta de thaithí aige ag plé le cúrsaí cearta Breatnaise leis an eagraíocht Cymdeithas, cainteanna an lae le cur síos ar chearta teanga sa Bhreatain Bheag, agus thug sé léiriú ar na deá-chleachtas ansin ar féidir leis an Fheidhmeannas ó thuaidh foghlaim uathu.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán le Conradh na Gaeilge

“Ní ceist í seo, ceist Chearta Teanga, a bhaineann leis an Ghaeilge amháin, ach is ceist idirnáisiúnta í. Don chuid is mó áfach, baineann an cheist maidir le cearta teanga mionlaithe ar fud na hEorpa le cur i bhfeidhm; ó thuaidh, baineann sé ar dtús le bun-aitheantas, nach bhfuil ann. Tá cearta Gaeilgeoirí sna sé chontae fágtha in áit na leathphingine. ‘Sé an t-aon réigiún sna hoileáin seo nach bhfuil aitheantas ann do Chearta Daonna cainteoirí na teanga dúchais; níl aon reachtaíocht ann, níl aon aitheantas ann agus níl aon chosaint ann. Is sárú iomlán é sin ar chearta daonna phobal na Gaeilge agus ní mór do na húdaráis suntas a thabhairt air seo agus na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm sna míonna atá amach romhainn.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Is ceist cearta í ceist na Gaeilge ó thuaidh agus ba mhian linn cearta teanga a chur i lár an aonaigh sa dioscúrsa fá chearta daonna i gcoitinne. Tagann an Chomhdháil seo ag am cinniúnach don Ghaeilge anseo ó thuaidh. Tá pobal na Gaeilge tréigthe ag an chóras pholaitiúil, in ainneoin gur gealladh reachtaíocht cosanta agus forbartha teanga i gComhaontú Chill Rímhinn, a daingníodh breis agus 10 mbliana ó shin anois. Is í an Ghaeilge an mhír is suntasaí den chomhaontú idirnáisiúnta sin nár cuireadh i bhfeidhm go fóill.

“Ina theannta sin, is ábhar feirge agus díomá dúinne, mar phobal, mar sin, nach bhfuil fiú tagairt don Straitéis Gaeilge, a gealladh sa Clár Rialtais deireanach 2011-15, sa dréacht-Chlár Rialtais nua. Beidh athbhreithniú breithiúnach, atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais, san Ard-Chúirt i mBéal Feirste i mí Feabhra 2017. Tharla seo de dheasca na teipe sin de chuid an Fheidhmeannais gan Straitéis Gaeilge a chur i bhfeidhm, agus bealach amháin nó eile fríd an chás seo feicfidh muid seasamh na n-údarás ar cheist chearta teanga do phobal na Gaeilge.”  

Beidh athbhreithniú breithiúnach, atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh, ar siúl go hoifigiúil san Ard-Chúirt, i mBéal Feirste, ar 8 Feabhra 2017, agus cead cúirte faighte don dáta sin.

 

 

Read 127 times
Rate this item
(0 votes)