Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsíodh alt, cúpla seachtain ó shin, a scríobh Siún Ní Dhuinn, mar gheall ar an Straitéis Léitheoireachta - Staitéis Leabhar

Léirigh sí, san alt, go raibh iontas uirthi "le linn chomhairlúcháin le heagrais Ghaeilge eile.... [nauir a d’fhiafraigh sí] de rannpháirtithe an chruinnithe mar gheall ar a nósanna féin maidir leis an léitheoireacht Ghaeilge." Duine ar dhuine, dar le Siún, d’admhaigh na rannpháirtithe nach léann siad mórán i nGaeilge, agus ar bharr ar sin, ní raibh a fhios acu cén fáth. 

Ag eascairt as sin, reáchtáladh comhrá beo ar na meáin shóisialta faoin haischlib ‪#‎leabhairlinn‬

Anois, tá suirbhé foilsithe ag Siún le go bhfaighfidh sí bonnlíne ar nósanna léitheoireachta phobal na Gaeilge. Creideann sí go dteastaíonn "cumarsáid oscailte, comhoibriú straitéiseach, éisteacht aireach agus comhairliúchán go leor leis an leabhar Gaeilge a chur [chun cinn]." Ach, cén tuairim atá agat fhéin? An mbíonn tusa ag léamh go minic? Bí páirteach sa chomhrá -https://www.surveymonkey.com/r/7P3D5G2

 

Read 392 times
Rate this item
(0 votes)