Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag The Irish Independent 10/02/2016

Beidh Uachtarán na hÉireann i láthair ag Ard-Fheis an Chonartha

Tá fáilte roimh an phobal freastal ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i gColáiste na Tríonóide agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 26 agus 27 Feabhra 2016 - Bliain na Chéid.

Cuirfidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUigínn tús leis an deireadh seachtaine le hóráid Dé hAoine agus seolfaidh sé Seachtain na Gaeilge 2016 ina dhiaidh sin.

Beidh Seiminéar Ple 16: Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne, ar siúl De hAoine freisin. Pléifear fealsúnacht Chonradh na Gaeilge le linn na díospóireachta.
Beidh Peadar Kirby, Ollamh Emeritus as Ollscoil Luimnigh, Regina Uí Chollatáin, Stiúrthóir, Scoil na gCéimithe, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Colm Ó Néill, Leas- Uachtarán, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Conradh na Gaeilge ina measc siúd a bheidh ag caint.

Eagrófar turais stairiúla, imeachtaí do theaghlaigh, ciorcail chomrá agus neart eile timpeall na cathrach Dé Sathairn. Deanfar plé ar na rúin de réir tosaíochtaí agus beidh toghcháin Dé Sathairn chomh maith.

"Bíonn spéis ag daoine teacht go dtí an seisiún go mbíonn na rúin pléite agus tá fáilte rompu" a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais faoin Ard-Fheis ar fáil ar shuíomh an Chonartha - www.cnag.ie - agus má tá aon duine ag iarraidh freastal ar aon chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn an deiridh seachtaine, ní mór dóibh ríomhphost a chur go ardfheis@cnag.ie.

Read 582 times
Rate this item
(0 votes)