Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá clár imeachtaí Chonradh na Gaeilge foilsithe acu agus Ard-fheis an Chonartha ag druidim linn. Beidh go leor le déánamh agus le feiscint ag Pobal na Gaeilge na cathrach ar an Satharn beag seo, 27/02/2016

  

Beidh turas Gaeilge ar leabharlann Chester Beatty mar aon le ceoilchoirm Seo Linn i bhFaiche Stiabhna ag 2in. Tá an dhá imeacht seo saor in aisce do chách

Dóibh siúd a bhfuil suim acu sa stair, beidh turas Gaeilge ar Choláiste na Tríonóide (costas 5 euro) ag 2.30in.

  

Ag 3.00in. agus 4.00in., beidh turas gaeilge ar theach an ard-mhéara, stiúrtha ag Críóna Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath.

Chomh maith leis seo go léir, beidh taispeántas 1916 i gCeann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, ag 2.00in. agus 5.00in.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo - Clár-Ama nó trí rphost a sheoladh chuig ardfheis@cnag.ie

Read 790 times
Rate this item
(0 votes)