Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá sobaldráma Gaeilge TG4, Ros na Rún, sa tóir ar aisteoirí do séasúr 21. Má tá Gaeilge ar do thoil agat agus spéis agat a bheith i d’aisteoir, ná cáil amach ar an seans  páirt a ghlacadh i gceann de na sraitheanna dramaíochta is mó ar theilifís na hÉireann!

Beidh éisteachtaí á reáchtáil ag Ros na Rún timpeall na tíre i rith mí Aibreáin, i mBáile Átha Cliath, Ciarraí agus ar sheit Ros na Rún, ar an Spidéal i gCo na Gaillimhe. Tá siad sa tóir ar charachtair nua sula bhfilleann siad do séasúr  21 den sobaldhráma corraitheach i mí Lúnasa na bliana seo. Beidh Gaeilge líofa de dhíth do gach páirt.

Is é Ros na Rún, an t-aon sobaldhráma teilifíse Gaeilge, agus tá sé á chraoladh anois le 20 bliain.  Tá an gean céanna ag ár lucht féachana air an seó agus a bhí scór bliain ó shin de bharr na scéalta iontacha a bhíonn air a bhaineann le grá, drúis, bréaga agus scéalta i nGaeltacht nua-aimseartha, comhaimseartha. Tá breis agus 140 duine fostaithe ag Ros na Rún agus faoi láthair, bíonn lucht féachana de breis agus 150,000 duine san iomlán in aghaidh na seachtaine ag breathnú ar an gclár.

Craoltar Ros na Rún ar TG4 gach oíche Máirt agus Déardaoin ag 8.30 in agus craoltar Ollchlár gach Domhnach ag 10.30 in. Le breis eolas a fháil téigh chuig www.rosnarun.com

Déan teangmháil linn ar Twitter: https://twitter.com/rosnarun Facebook: www.facebook.com/RosnaRun 

Má tá suim agat éisteacht a dhéanamh, seol do CV agus Griangraif chuig leiriuchain@rosnarun.com.  Nó glaoigh orainn ag 091 558400.

Read 1734 times
Rate this item
(0 votes)