Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2016 gur le linn na bliana seo a fuair an Oifig an líon ab airde gearán agus iarratas ar chomhairle ón bpobal ó bunaíodh í sa bhliain 2004.

Ar an iomláin rinneadh 768 gearán leis an Oifig le linn na bliana 2016. Bhain beagnach an tríú cuid de na gearáin a fuair an Oifig le seirbhísí a thagann faoi scáth scéimeanna teanga. Cuimsítear seirbhísí ar nós suíomhanna gréasáin, córais ar líne, foirmeacha iarratais agus seirbhísí idirphearsanta leis an réimse seo.

Chomh maith leis an méid sin, tháinig ardú suntasach ar líon na ngearán a bhain le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht.

Tháinig an líon is airde gearán ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath (45%), ardú de bheagán ón mbliain 2015, agus is ó na ceantair Ghaeltachta a tháinig ceann as chuile chúig ghearán.

Tugtar cuntas níos iomláine sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe foirmiúla a tugadh chun críche le linn na bliana mar aon le hobair faireacháin na hOifige.

Le gairid, d’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ceannteidil nua do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017. Fáiltíonn an Coimisinéir Teanga roimh fhorálacha na gceannteideal nua a thugann aghaidh, den chuid is mó, ar mholtaí a rinneadh roimhe seo chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú. Is céim chun cinn iad na ceannteidil seo agus is gá anois go bhfeidhmeofaí de réir na mianta atá leagtha amach sna ceannteidil.

Aithníonn an Coimisinéir Teanga nach bhfuil i bhfoilsiú na gceannteideal nua ach an chéad chéim i bpróiseas chun leasuithe suntasacha agus tairbheacha a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá moladh tuillte ag an Aire Stáit Seán Kyne TD as tús maith a chur leis an bpróiseas seo agus táthar ag súil anois go dtabharfar an obair go ceann scríbe sna míonna amach romhainn. Guíonn An Coimisinéir Teanga gach rath ar an Aire Stáit Joe Mc Hugh TD san obair sin agus tá sé i gceist aige tacú leis an obair ar bhealach a bheidh chun leasa an phobail.

Is díol suntais an moladh atá déanta sna ceannteidil go gcuirfí córas rialachán in áit chóras na scéimeanna teanga. Is athrú ó bhonn é seo ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ón Státchóras agus tagann sé leis an moladh a rinneadh sa tráchtaireacht ar fheidhmiú an Achta a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga i mí Aibreáin i mbliana. Léirigh an fhianaise a cuireadh i láthair sa tráchtaireacht sin gur minice córas na scéimeanna teanga ag lagú agus ag laghdú seirbhísí Stáit trí Ghaeilge ná a mhalairt. “Is gá córas nua, bunaithe ar rialacháin dhíreacha, bronnta ar chomhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal, chun feabhas cuimsitheach agus córasach a chur ar sheirbhísí trí Ghaeilge” a dúirt an Coimisinéir ag an am.

Is bunfhíric é go bhfuil soláthar sásúil na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ag brath ar dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa Státchóras. Níl an córas earcaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair ag baint amach an chuspóra sin. Tá fáilte le cur roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil go mbeadh Gaeilge ag 20% de na hearcaigh nua a thagann isteach sa tSeirbhís Phoiblí. Ach an phleanáil cheart a bheith déanta ba chóir go gcuideodh polasaí agus dualgas reachtúil den chineál seo le dóchas a thabhairt do phobal na Gaeilge go mbeidh teacht acu ar chaighdeán níos fearr seirbhíse i nGaeilge ón Státchóras.

 

 

 

 

Read 139 times
Rate this item
(0 votes)