Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá meabhrúchán deiridh á eisiúint ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, an tUasal Seán Kyne T.D., chuig gach iarratasóir a bhfuil sé i gceist aige nó aici iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas AE atá ag teacht aníos gan mhoill d’aistritheoirí Gaeilge ós rud é go mbainfear an spriocdháta amach an tseachtain seo chugainn.

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) chun suas le 62 phost a líonadh d’aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an AE. Beidh na poist, a bhfuil tuarastal tosaigh de €4,384 ag dul leo, lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas earcaíochta ar an suíomh gréasáin earcaíochta www.jobs.eu-careers.eu. Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, lena n-áirítear iad sin a bhainfidh céim amach an samhradh seo, le sárthuiscint ar an nGaeilge agus eolas cuimsitheach ar dhá theanga oifigiúla eile den AE ar a laghad, lena n-áirítear Béarla, Fraincis nó Gearmáinis.

Is é an 12 Iúil 2016 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Read 512 times
Rate this item
(0 votes)