Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag The Carlow Nationalist, 02/02/2016

 

Is feachtas é an Gaelbhratach a chruthaigh Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i meánscoileanna timpeall na tíre. Séard atá i gceist leis an scéim áirithe seo ná coiste de sheachtar nó ochtar dalta a bhunú sa scoil agus liosta de théamaí a thabhairt dóibh le comhlíonadh le linn na scoilbhliana.

I measc na dtéamaí sin tá spórt, an pobal áitiúil agus ceiliúradh 1916, mar is cuí. Is é an phríomh dhúshlán atá ag coiste an Ghaelbhrataigh ná sraith imeachtaí agus tionscnaimh bunaithe ar na téamaí éagsúla a eagrú.

Is feachtas tábhachtach é an Gaelbhratach i nGaelcholáiste Cheatharlach agus tá coiste an-ghníomhach ag saothrú go dian ann. Ar choiste na bliana seo, tá Barbara Derenda, Gráinne Ní Nualláin Ellen Nic Aodha, Lucy Ní Dhuiginn, Róisín Ní Thuathail, John de Sutún, Evan Ó Leathlobhair, agus Shannen Nic Coitir agus is daltaí na hidirbhliana iad uilig.

Tá go leor gníomhaíochtaí curtha i gcrích acu cheana fein agus beidh níos mó fós i gcaitheamh na bliana. Táid ag súil go mbainfidh a scoil féin chomh maith le scoileanna eile sa cheantar maraon leis an bpobal áitiúil sult agus tairbhe as iarrachtaí an choiste Ghael-bhrataigh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCeatharlach. Go raibh gach rath ar a saothair. 

Read 560 times
Rate this item
(0 votes)