Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá sé fógraithe anois go bhfuil tús á chur arís le hearcú Gaeilgeoirí d'Aistriúchán Gaeilge leis an gCoimisiún Eorpach. Ar an 28 Aibreán agus an 9 Meitheamh osclófar comórtais earcaíochta do chúntóirí teanga (AST1 - an grád tosaigh do chúntóirí teanga) agus d'aistritheoirí (AD5 - an grád tosaigh d'aistritheoirí).

Ná cuir ar an méar fhada é, tosaigh ag ullmhú anois! Tá an próiseas earcaíochta dúshlánach, ach is fiú go mór tabhairt faoi. Tuairim is €4,291.53 an tuarastal glan míosúil don AD5 a thiocfadh ó Éirinn, agus €2,770.40 don AST1, gan trácht ar na liúntais a fhaigheann daoine nua.

Beidh tuilleadh eolais mar gheall ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas earcaíochta ag teacht chun solais ar leathanach Facebook aistriúcháin Gaeilge an Choimisiúin sna seachtainí atá romhainn. 

Liosta na bhfolúntas

Read 2222 times
Rate this item
(0 votes)