Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Ní mór d’iarrthóirí thoghchán an Tionóil na gealltanais a rinneadh do phobal na Gaeilge a chomhlíonadh le hAcht & Straitéis - toghtar Niall Comer ag Ard-Fheis an Chonartha i nGaillimh

Toghadh Dr Niall Comer, léachtóir le Gaeilge i Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh agus ball d’Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis an eagrais phobail in Óstán Chuan na Gaillimhe, Gaillimh, ar an Satharn. 

Arsa Dr Niall Comer, Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge:

“Is féidir le Conradh na Gaeilge todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na sochaí a mhúnlú leis an teanga ag croílár ár linne. Feictear domsa nach neart go cur le chéile mar Chonradh áfach, agus gluaiseacht mhór náisiúnta amháin á neartú in athuair ionas gur féidir linn tabhairt faoin dúshlán seo atá romhainn – athGhaelú na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge pobalbhunaithe agus eagraithe ar son na teanga; níl ann don Chonradh gan pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus níl ann d’fheachtais ná d’aidhmeanna an Chonartha gan ionchur na mball, na gcraobhacha, an phobail trí chéile.

“Tá pobal na Gaeilge i lár an aonaigh pholaitíochta agus ar thús cadhnaíochta anois chun reachtaíocht cheartbhunaithe a bhaint amach leis an teanga a chosaint ó thuaidh agus toghchán an Tionóil ag teannadh linn Déardaoin. Ní hAcht go Straitéis acmhainn-bhunaithe áfach, thuaidh ná theas.”

Ó Iúr Cinn Trá ó dhúchas, tá gaol clainne láidir ag Dr Niall Comer le Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe, ach tá cónaí air anois i nGleann an Iolair, Co. Dhoire, agus é ag obair mar léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin. Bhí sé ina eagarthóir ar An tUltachar feadh seacht mbliana agus chaith sé tamall ina bhainisteoir ar an iris chomh maith. Bhí sé ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge le trí bliana anuas, ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge roimhe sin, agus ina bhall gníomhach de Chraobh an Iúir ó bhí sé ina dhéagóir.

Lean Comer:

“Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag Conradh na Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann le gach bean, le gach fear, agus le gach leanbh – beag beann ar chúlra creidimh, ar an tír arb as dóibh, ná ar an rogha saoil a bhíonn acu – a thabhairt linn ar an turas seo, turas chun Éire a athGhaelú agus athbheochan na Gaeilge a chur i réim mar is ceart. Bhíodh an t-am ann nuair a bhí Éire i measc na náisiún is oilte agus is cultúrtha ar dhroim an domhain, agus bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de seo. Bíodh sé amhlaidh arís.”

Tagann Dr Comer i gcomharba ar Chóilín Ó Cearbhaill mar Uachtarán an Chonartha, agus thagair Comer dá réamhtheachtaí ina chuid cainte ag an Ard-Fheis i nGaillimh, ag rá:

“Ba mhaith liom, thar ceann Chonradh na Gaeilge, mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le Cóilín Ó Cearbhaill as an éacht agus an cion fir atá déanta aige mar Uachtarán ar son an Chonartha le trí bliana anuas. Ní hamháin gur léirigh sé dílseacht agus tiomantas d’aidhmeanna na heagraíochta, ach thug sé a chuid ama agus fuinnimh go fonnmhar agus sílim gur chóir dúinn sin a aithint go hoifigiúil anois.”

 

 

Read 296 times
Rate this item
(0 votes)