Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá €500 á thairiscint mar dhuais don dán a bhuafaidh an comórtas Duais de hÍde i gcuimhne ar chéad uachtarán Chonradh na Gaeilge agus an chéad uachtarán ar Éirinn, Dúbhglas de hÍde ag Féile idirnáisiúnta filíochta Bhéal na nBuillí 2017.

Is é Cathal Ó Searcaigh a dhéanfaidh na dánta a mheas agus a phiocfaidh gearrliosta de sé dhán as a roghnófar an buaiteoir.

Fógrófar an buaiteoir le linn na féile filíochta i mBéal na mBuillí a bheith ar siúl i gCo. Ros Comáin, 27 – 30 Aibreáin 2017.

Le linn na féile, beidh léamhanna dá gcuid féin á dtairiscint don seisear ar an ngearrliosta, na léamhanna sin fite fuaite le léamhanna eile na féile, agus táille léite de €200 ag dul leo. 

Is í Féile Idirnáisiúnta Bhéal na mBuillí an fhéile filíochta dhátheangach is marthanaí sa tír, agus ainm in airde uirthi as ucht an mheascáin den dáiríre agus den neamhfhoirmeáltacht fháiltiúil is dual di.

Níl aon fhéile filíochta eile a thugann gradam agus stádas chomh hard don teanga againne, agus bíonn éisteacht mhaith le fáil ag scríbhneoirí na Gaeilge ann. 

Bíodh filí na Gaeilge ag scríobh leo, dá réir. Táthar ag glacadh le hiontrálacha ón Déardaoin 1ú Meán Fómhair amach go dtí an 2ú Nollaig 2016.

Is féidir bheith ag cur isteach dánta go luath agus go mall idir an dá linn!

Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne nó sa phost. Tá táille iontrála €5.

Dánta bunaidh neamhfhoilsithe Gaeilge atá i gceist, 70 líne ar a mhéid.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón nasc thíos:

http://www.strokestownpoetry.org/duais-filichta-dhubhglas-de-hide-2017/

 

Read 367 times
Rate this item
(0 votes)