Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá grúpa Gael tagtha le chéile i mBéal Feirste leis an chéad rás reathaíochta 10KM a eagrú timpeall na Ceathrún Gaeltachta in iarthar na cathrach. Beidh an rás féin ag titim amach ag 9am, maidin Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair 2016. Rachaidh an t-airgead a bhaileofar trí an táille cláraithe díreach chuig an charthanacht TACA, a chuidíonn le cur chun cinn an Ghaeloideachais ó thuaidh.

Beidh rogha ansin ag reathaí airgead breise a thiomsú agus sin a bhronnadh ar a gcúis féin - aon dream, eagraíocht, bunscoil, Gaelscoil, grúpa ar bith a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, na Gaelscolaíochta nó pobal na Gaeilge.

Ag labhairt ag seoladh oifigiúil an 10KM ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, dúirt Pat Ó Cianáin, ó TACA:

 "Is ábhar bróid agus misnigh dúinn go bhfuil TACA roghnaithe mar charthanacht an reatha seo, agus go bhfuil suim ollmhór léirithe ag daoine, idir óg agus aosta, sa rith seo cheana féin. Feiceann daoine deis anseo teacht amach ar na sráideanna agus rud iontach dearfach a dhéanamh le cuidiú le stádas na Gaeilge, ní amháin i mBéal Feirste, ach ar fud na háite. Tá deis ag daoine airgead a thiomsú dá gcúis féin, dá scoil féin, agus tá daoine cláraithe cheana féin a bheas ag bailiú airgid do na Gaelscoileanna áitiúla anseo in Iarthar Bhéal Feirste. Is cúis iontach í sin, dár linn, agus tá súil againn go gcuideoidh seo le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta trí chéile. Rithfidh muid bealach na Ceathrún Gaeltachta, ó Bhóthar na bhFál, Bóthar Chluanaí, Bealach na Carraige Báine, Bóthar an Ghleanna, Bóthar Seoighe agus ar ais. Bealach é seo atá aitheanta mar limistéar speisialta uirbeach Gaeilge agus déanfaidh an rás seo ceiliúradh ar na Gaelscoileanna agus pobal na teanga sa cheantar atá ag spreagadh ghluaiseacht an Ghaeloideachais le beagnach leathchéad bliain. Rithimis le chéile, Foghlaimímis le chéile, Labhraímis le chéile… Ar son na Gaeilge. Bígí linn – fáilte roimh chách."

Ba mhian le lucht eagraithe 10KM na Ceathrún Gaeltachta buíochas agus aitheantas faoi léith a ghabháil leis na grúpaí agus eagraíochtaí atá mar Urraitheoirí Oifigiúla na hócáide:

Comhaltas Uladh; Rith; Conradh na Gaeilge, Cultúrlann McAdam O’Fiaich, Bialann Goodfellas, Forbairt Feirste, Glór na Móna, Fáilte Feirste Thiar, Féile an Phobail, Bia @ Cultúrlann, Cumann Sóisialta Bhaile Andarsan, Cumann na bhFiann, Siopa Leena, Fáilte

 

Is féidir clárú leis an ócáid ar líne ag Eventbrite:

https://www.eventbrite.com/e/10km-na-ceathrun-gaeltachta-tickets-27576658528?aff=erelexpmlt    

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an ócáid ar Facebook ag:

https://www.facebook.com/events/970842163024088/ 

Tá Eolas ar AthleticsNI anseo:

http://athleticsni.org/Fixtures/Ceathrun-Gaeltachta-10K

Is féidir an Cárta Urraíochta a íoslódáil anseo chomh maith:
http://peig.ie/images/PDFS/CartaUrraiochta10k.pdf

 

**Nóta: Tá fáilte roimh chách thar 15 bliain d’aois bheith páirteach sa Rás 10KM agus iarrtar ar dhaoine clárú

go luath chun t-léine a chinntiú. Is féidir clárú ar an lá ó 8am ar aghaidh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Read 159 times
Rate this item
(0 votes)