Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá sé cheanneagrais maonaoithe ag Foras na Gaeilge.  Déanann gach ceann de na sé cheanneagráiocht sainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre.  Beidh na ceanneagraíochta ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin.

Na réimsí oibre ná:

  • Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
  • Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
  • Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile,
  • Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
  • Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta
  • Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.

Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin.

Gaelscoileanna Teo

Is eagraíocht é Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an
nGaeloideachas – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus
meánscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht.

Conradh na Gaeilge

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge
agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na
Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus
timpeall na cruinne.  Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an
Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach
gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go
forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.

 

Cumann na bhFiann

Is í an phríomhaidhm atá ag Cumann na bhFiann ná deiseanna
úsáide na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga lasmuigh
den scoil. Cabhraíonn seo le nósmhaireacht a chothú iontu,
an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisiallta.

Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur
chun cinn chun leasa na Gaeilge.  Cuimsíonn gníomhchlár Gael
Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí
chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.

 

Glór na nGael

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha
teanga trí chomórtas idir grúpaí pobail. Tá freagracht ar
leith ag Glór na nGael I dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge
sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus
forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

 

Oireachtas na Gaeilge

Faoi láthair reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile
bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, chomh maith le
Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide
an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán
eile.  ‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ de chuid lucht rialaithe na hÉireann
an chiall a bhí leis an bhfocal `oireachtas` sa 7ú haois. Go dtí
an lá atá inniu ann leanann Oireachtas na Geailge de thraidisiún
uasal sin an tionóil agus na díospóireachta, a bhunaigh ár sinsir
na céadta bliain ó shin, ag cur fáilte roimh óg agus aosta,
scríbhneoir, file, amhránaí, damhsóir, ealaíontóir, scéalaí,
aisteoir, aithriseoir, cumadóir ceoil agus amhrán, ceoltóir
agus pobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.