Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

On October 14, 2017
At Dublin
Posted by Dónal
Categories: EVENTS

Eithne - Opera Gaeilge sa Cheoláras Náisiúnta

 

Tá áthas air Opera Theatre Companyan seod stairiúil dearmadta,

 

Eithne le Roibeárd Ó Duibhir (1909)

a léiriú arís, ar aon oíche amháin

i gcomhpháirt le Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann RTÉ

Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair

An Ceoláras Náisiúnta

 

Seo fís-téip bheag faoi #Eithne a bheidh á thaispeánt againn @NCH_Music ar an 14 Deireadh Fomhair @OperaIE

https://vimeo.com/234486663

 

Cuireadh iontas ar lucht éisteachta na hÉireann i 1909 le céadtaibhiú ceoldhráma nua, léirithe trí Ghaeilge, a chur splanc trí saol chultúrtha na tire. Cumadh Eithne le haghaidh Oireachtas na Gaeilge, a reachtáladh sa Rotunda i mBaile Átha Cliath I 1909, agus ba é an chéad ceoldráma a cumadh agus a léiríodh trí Ghaeilge é. Le tacaíocht ón gCuntéis Markievicz, An Craoibhín Aoibhinn agus an Bantiarna Gore-Booth, léiríodh arís ina iomláine é ag Amharclann an Ghrinn i mBaile Átha Cliath an bhliain dár gcionn.

 

D’éirigh go hiontach leis ar dtús agus bhí an chuma air go gcruthódh an saothair seo spás nua le haghaigh cultúr na hÉireann i ndomhan na ceoldhrámaíochta agus na healaíona, ach bhí gaoth na hama ina héadan, agus sna blianta ina dhiaidh theip ar iarrachtaí eile an ceoldhráma a chur ar stáitse agus cailleadh an scór ceolfhoirneach.

 

I 2012, cuireadh scór ceolfhoirneach Eithne ar fáil ag ceannt príobháideach. Cheannaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus chur i dtaisce é. Anois, beidh deis ag pobal na hÉireann an seod dearmadta seo a chloisteáil arís á léiriú ar stáitse Éireannach. Imeacht stairiúil a bheidh ann, nuair a athbheofar an chéad ceoldhráma rómánsúil Éireannach agus é á canadh trí Ghaeilge tar éis céad bliain ciúnais.

 

Tá ríméad ar Opera Theatre Company an leagan ceolchoirmeach den seod seo a léiriú – Eithne Roibeárd Uí Dhuibhir ar Dé Sathairn an 14 Deireadh Fómhair sa Cheoláras Náisiúnta. Ná cailligí an deis bheith i láthair le haghaidh an aiséirí chultúrtha uathúil seo.

 

Beidh foireann réalta aitheanta rannpháirteach in Eithne: an soprán Orla Boylan mar Eithne, an baratón Gavan Ring mar Ard-Rí na hÉireann, agus an teanór Robin Tritschler mar Ceart, leannán Eithne. I meas na mbaill foirne eile beidh: Brendan Collins mar Art, Eamonn Mulhall mar Neart, Imelda Drumm mar Nuala, John Molloy mar An Fathach, Robert McAllister mar Rí Thír na nÓg, Rachel Croash mar Una, Eoghan Desmond mar Feargus, Fearghal Curtis mar Taoiseach, agus Conor Breen mar Aralt. Beidh Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann RTÉ faoi stiúir Fergus Sheil.

 

Deir Stiúrthóir Ealaíona OTC Fergus Shiel:

Chuaigh Eithne Roibeárd Uí Dhuibhir go mór i bhfeidhm ar phobal Bhaile Átha Cliath in atmasféir fhiabhrach na luath 20ú Aoise sna blianta roimh eachtraí 1916. Tuigtear tionchar athbheochan na Gaeilge, bunú na hAmharclainne Náisiúnta, agus buanna liteartha leithéidí WB Yeats agus JM Synge go forleathan sa lá atá inniu ann. Tá sé in am anois aghaidh a thabhairt ar an tionscnamh ceoldhrámaíochta ba mhó ón tréimhse sin, a thug Conradh na Gaeilge tacaíocht láidir dó. Agus muid ag déanamh ceiliúradh agus comóradh ar na rudaí a baineadh amach céad bliain ó shin, tá ríméad orainne in Opera Theatre Company an seoid stairiúil ríspéisiúil seo a athbheochan agus léarmheas úr a fháil ar an ghné dearmadta seo dár n-oidhreacht.”

Seasann ceol Eithne go dlúth i dtraidisiún ceoldhrámaíocht Eorpach deireadh na naoú haoise déag, agus é go mór faoi thionchar Dvorák agus Wagner ach go háraithe. Nasctar sreanganna crithloinnreacha, coirn seilgearachta, ionstraimiú shóúil, línte cantaireachta álainn, cóir chroíúla agus áiríanna liriceacha leis an nGaeilge ar bhealach tarraingteach a léiríonn go soiléar gur meán chuí í an Ghaeilge chun mothúcháin cheoldrámaíochta a chur in iúl.

 

Deir an Bairitóin Gabhán Ó Rinn:

“Mar amhránaí ceoldrámaíochta le Gaeilge, agus mar dhuine a rinne taighde dochtúireachta ar feadh breis is cúig bliana ar an gceoldráma seo agus ar an gcomhthéacs stairiúil as a d’easgair sé, tá mo chroí istigh in Eithne Roibeárd Uí Dhuibhir. Is cóiriú iontach é an ceoldhráma ar fhínscéal ársa Éireannach, scéal in a gcuirtear iad siúd a bhfuil baint acu leis an bhflaitheas marbhánta i gcomórtas le healaíona dhraoíchta Thír na nÓg. Is iontach an phribhléid é bheith lánpháirteach in athbheochan an tsaothair álainn dearmadta seo, agus mé ag aithris ról Ard-Rí na hÉireann. Tá sé deacair creidiúnt go raibh mo thaighde féin mar spreagadh don tionscnamh seo, agus is mór an sásamh a bhainfidh mé as an ceoldhráma seo a chloisteáil i gceart arís don chéad uair le breis is céad bliain anuas.”

Rinne The Irish Times cur síos ag an am ar an gceoldhráma mar “native opera in the old tongue of Eire” inar nochtaigh an cumadóir “an astonishing grasp of the powers of expression in his vocal and instrumental material”. Chreid an nuachtán gur léirigh an fáilte a cuireadh roimh Eithne go bhféadfaí bheidh ag súil le ardchaighdeán nua i gceol na hÉireann; “(it) opens an entirely new epoch, and it unfolds prospects of Ireland once again being a musical nation”.

Ceoldhráma i ndá ghníomh bunaithe ar sheanfhínscéal Éireannach is ea Eithne nó Éan an Cheoil Bhinn.  Baineann an scéal le heachtraí casta grá idir Eithne, iníon Rí Thír na nÓg, Ceart, mac Ard-Rí na hÉireann agus a bheirt leas-dheartháir Art agus Neart. Tá Eithne tar éis a bheith seolta chuig an ghnáthdomhan ag a athair toisc gur aistrigh sé a máthair ina héan tar éis rocht éid bheith taghtha air. Tá sé i ndán do Eithne aláinn uaigneach an domhain a shiúl go dtí go dtiocfaidh sí ar laoch dhaonna a bheas ar a chumas an gheis a bhriseadh agus a máthair a scaoileadh saor. Canfar Eithne i nGaeilge le fotheidil Béarla.

Ba chumadóir agus orgánaí é Roibeárd Ó Duibhir, a stiúr ar complacht an Carl Rosa Opera Society agus a ghlac páirt i gcamchuairteanna timpeall na Ríochta Aontaithe leis an Rousby Opera Company.B hog sé go Baile Átha Cliath i 1901, áit a thosaigh sé ag stiúradh Cór Chonradh na Gaeilge. Ceapadh é mar Ollamh Cheoil na hÉireann ag Bardas Átha Cliath i 1914, agus i 1929 ceapadh é mar an chéad Ollamh le Ceoil na hÉireann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Is é Opera Theatre Company complacht ceoldhrámaíochta camchuairteach náisiúnta na hÉireann, agus é ar an bhfód ó 1986 i leith. Is í oscailteacht príomhluach na complachta, agus bunaíodh OTC chun ceoldhrámaíocht ghairmuíl ar chur ar fáil ar fud na hÉireann. Tá ceoldhrámaí léirithe ag OTC i mbreis is 160 cathair, baile agus sráidbhaile, ní hamháin in Éireann ach sa Ríocht Aontaithe, sa Bheilg, san Iodáil, i bPoblacht na Seice, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil chomh maith.

Léireofar Eithne i gcomhpháirtíocht le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann RTÉ. Déanfaidh RTÉ lyric FM taifead ar an léiriú i gcomhair craoladh agus díolacháin.

Tá Opera Theatre Company maoinithe ag An gComhairle Ealaíon.  Amharc ar www.opera.ie nó téigh idteagmháil le pr@gerrylundbergpr.com le haghaidh tuilleadh sonraí.

 

Eithne le Roibeád Ó Duibhir (1909)

Ticéid ar díol ó Dé Céadaoin 14 Meitheamh

Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair

An Ceoláras Náisiúnta

Ticéid €35 / €30/ €26 / €19

www.nch.ie    01 417 0000

Featured Events