Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

On October 07, 2017
At
Posted by Dónal
Categories: EVENTS

Éigse Loch Lao

Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bhunaigh Éigse Loch Lao in 2010 chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste trí imeachtaí léannta agus sóisialta a thionscnamh ar bhonn bliantúil. Is as an dán sean-Ghaeilge a cumadh os cionn Loch Lao a baisteadh an Éigse.

Beidh Éigse Loch Lao ar siúl ar aon lá amháin i mbliana, Satharn 7 Deireadh Fómhair 2017.

Tabharfar na léachtaí uilig (ag tosú ar 10in) i Léachtlann Conor, Ollscoil Uladh, Béal Feirste nuair a bheas ‘Reachtaíocht Teanga’ mar atá in Éirinn agus sna hoileáin máguaird an t-ábhar faoi chaibidil.

Cuirfear deireadh léi i mbliana le ceolchoirm in Áras Mhic Reachtain le; Emma Ní Fhíoruisce agus le Spats Colombo. Ag tosú ar 8.30in.

Faigh Ticéid: https://www.eventbrite.co.uk/e/spats-colombo-emma-ni-fhioruisce-eigse-loch-lao-2017-tickets-37244385961

Tuilleadh eolais ar fáil ó: eolas@mhicreachtain.com

Téigh chuig clár na féile anseo 

Featured Events