Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh ócáid liteartha Ghaelach á cur ar siúl ar an Máirt, 3 Deireadh Fómhair ar a 7:00pm, agus tugtar cuireadh daoibh teacht.

Oíche álainn liteartha í seo le ceol, comhluadar spraíúil agus beirt de na scríbhneoirí is cáiliúla i litríocht na Gaeilge, Éilís Ní Dhuibhne & Colm Breathnach, agus iad ag léamh do phobal Chill Dara agus ag labhairt leis an Dr Liam Mac Amhlaigh.

Anuas orthu sin, tabharfaidh scríbhneoirí óga Ollscoil Mhá Nuad blaiseadh beag dá gcuid scríbhneoireachta.​

Beidh an imeacht seo ar siúil in Brady’s Clockhouse, Maigh Nuad

Téigh chuig an imeacht ar PEIG.ie anseo

Is ócáid í seo i bpáirt leis an tSeirbhís Leabharlainne sa Chontae, agus í ina cuid d'Fhéile na Léitheoirí 2017. ​

Read 118 times
Rate this item
(0 votes)