Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Na siúlóidí is fearr le déanamh in Éirinn

| Lynn |

Ar ámharaí an tsaoil tá an samhradh buailte linn agus tá an aimsir ag dul i bhfeabhas. Tá an t-ádh linn go bhfuil cónaí orainn in Éirinn, tír atá lán le háilleacht a bhfuil dúlra saibhir aici. Níl aon leithscéal againn gan a bheith amuigh faoin spéir agus a bheith ag baint triail as siúlóidí úra amuigh faoin tír. Tá go leor siúlóidí ar fud na tíre gur féidir le daoine déanamh agus tá PEIG.ie chun cúpla moladh a roinnt faoi na siúlóidí is fearr linne.

Binn Chuilceach, Conair Legnabrocky – ‘Staighre chun na flaithis’ | Fear Manach

Tá seans maith go bhfaca tú pictiúir de na ‘Staighre chun na flaithis’ ar Instagram agus caithfear a rá go bhfuil áilleacht faoi leith ag baint leo. Meallann na pictiúir thú chun triail a bhaint as an tsiúlóid seo. Deirtear go bhfuil an tsiúlóid furasta agus deacair ag brath ar do leibhéal féin.

Más duine thú a bhíonn ag siúl i measc na gcnoc go minic, níor chóir go mbeadh deacracht agat leis. Glacann an tsiúlóid thart ar dhá uair go leath go dtí trí huaire. Tá an tsiúlóid í féin thart ar 4.6 míle ar an iomlán.

Sliabh gCuillinn, Gullion | Ard Mhacha

Tá radhairc iontacha ó bharr Shliabh gCuillin síos ar Thuaisceart agus Deisceart Éireann. Siúltar ar na cnoic seo lán le fraoch álainn agus feicfidh tú Fáinne Chnoc Shliabh gCuillinn, bolcán a phléasc breis agus 50 milliún bliain ó shin.

Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid ocht míle seo sa charrchlós in aice le hIonad Chlós Shliabh gCuillin atá lonnaithe i bPáirc Fhoraoise Shliabh gCuillinn. Bí cinnte go dtugann tú go leor ama duit féin don tsiúlóid seo. Is dócha go mbeidh ceithre huaire go leath cuí ag cur san áireamh sosanna le haghaidh bia agus stadanna ag pointí spéise.

Gleann Dá Loch agus na beanna Spinc | Cill Mhantáin

Tá an tsiúlóid seo píosa beag níos dúshlánaí ach do dhaoine a bhfuil taithí acu le bheith ag siúl na gcnoc go minic bainfidh siad sult as. Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid 8.5 míle seo ag Ionad Ghleann Dá Loch. Le linn na siúlóide feicfidh tú go leor radhairc áille ach ceann de na rudaí a d’fhéadfá teacht air ná an láithreán mainistreach a bhfuil cáil dhomhanda air i nGleann Dá Loch.

Tá eas Pholl an Eas le feiceáil chomh maith agus tú ar do bhealach suas go dtí beanna na Spince. Bí cinnte sos a ghlacadh agus d’anáil a tharraingt agus bain sult as na lochanna áille sula dtosaíonn tú ag dul síos an cnoc arís.

Binn Ghuaire | Gaillimh

Don tsiúlóid seo caithfidh tú dul i dtreo iarthar na hÉireann, go contae na Gaillimhe. Tá sé 1460 troigh ar airde agus is sliabh ceart é d’aon duine a bhfuil leibhéal réasúnta aclaíochta acu chun na cnoic seo a dhreapadh. Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid 4.5 míle seo ag Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chonamara.  Nuair a shroicheann tú barr an chnoic, tá radhairc iontacha mórthimpeall ort ar shléibhte Conamara, na lochanna, cóstaí agus na hoileáin. Is maith an áit í chun an féinphic sin a ghlacadh.

Níl anseo ach blaiseadh de na siúlóidí gur féidir leat triail a bhaint astu in Éirinn. Bí cinnte go ndéanann tú taighde ar na siúlóidí seo ar líne sula mbaineann tú triail astu agus bí aireach faoi do chuid sábháilteachta i gcónaí agus tú i mbun siúil faoin tuath.

Tuilleadh ábhar ó PEIG.ie ar fáil anseo