Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

DÉARDAOIN 19 DEIREADH FÓMHAIR Thursday 19 October | 7.00pm

UCD BELFIELD

Léachtlann R, Áras na nEalaíon (Newman Building)

Saorchead isteach/free admission

 

Déanfaidh an léacht seo athbhreithniú ar shaothar liteartha Uí Chadhain i bhfianaise an chorpais chritice atá ginte ag an saothar go dtí seo. Ceisteofar tábhacht an tréimhsithe atá déanta ag criticeoirí áirithe ar an saothar, agus áiteofar go gceileann an aird chriticiúil atá faighte ag scéalta ar leith – agus an canónú atá déanta orthu dá barr – bunleanúnachas téamúil a sháraíonn na difríochtaí foirme agus stíle idir an saothar luath agus na scéalta deireanacha.

Pléifear a ghafa is a bhí samhlaíocht Uí Chadhain ón tús le ceist chumas gníomhaithe an duine, ábhar is féidir a cheangal lena sheasamh polaitiúil agus lena chúinsí pearsanta saoil. Díreoidh an léacht ar théama agus ar íomhá thimthriall na beatha ina shaothar liteartha agus ar choincheap na hathnuachana mar mhodh slánaithe ó shrianta fisiciúla, sóisialta agus síceolaíocha. Áiteofar ar deireadh gur léiriú ar mhianach athnuachana an tsaothair féin na hathléamha agus na díospóireachtaí critice atá á nginiúint aige i gcónaí.

 

Téigh chuig an imeacht ar PEIG.ie anseo 

Read 192 times
Rate this item
(0 votes)