Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Dún na mBan Trí Thine: le hÉilis Ní Dhuibhne

Stiúrthóirí: Anne McCabe agus Marianne Kennedy

Cliar: Linda Bhreathnach, Máire Ní Mháille, Eoin Geoghegan, Tara Breathnach, Yvonne Ní Laife, Catherine Denning, Caitríona Ní Dhomhnaill.

Tar éis shraith seónna díolta amach mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2017, tá deis ag na sluaite an dráma cumhachtach seo a fheiceáil arís agus dhá sheó breise á gcur ar siúl le linn an Fhómhair sa Taibhdhearc. Is dráma comhaimseartha é ‘Dún na mBan Trí Thine’ leis an scríbhneoir cáiliúil Éilis Ní Dhuibhne, ar ais ar an stáitse de bharr éileamh.

Is dráma é seo faoi bhean agus na dúshláin ata le sárú aici agus í ag tógáil clainne fad is atá sí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina cuid oibre mar ealaíontóir. Mar a deir stiúrthóir an dráma Anne McCabe, 'Is iomaí dúshlán atá le sárú againn go háirithe mar mhná atá ag obair sna healaíona, le chuile rud a láimhseáil go cothrom idir freagrachtaí teaghlaigh agus obair chruthaitheach. Seo scéal a bhaineann le chuile duine.'

Léiriú comhaimseartha atá anseo ar dhráma comhaimseartha faoi fhórsaí ceilte a mbíonn tionchar acu ar ár saol. Le húsáid an cheoil, macallaí ón mbéaloideas agus amharclannaíocht fhisiciúil, tá an taispeantas nuálach seo ag láidriú ghluaiseacht an fheimineachais. Is léiriú é ar fhórsaí ceilte a mbíonn tionchar thar cuimse acu ar ár saol.

Dátaí: Ag tosnú ag 8.00 i.n

 8, 9   Samhain:   An Taibhdhearc, Gaillimh
11, 12  Samhain:  Amharclann Ghaoth Dóbhair, Dún na nGall
14, 15  Samhain : Halla an Phobail, Rath Cairn, Co. na Mídhe
17, 18  Samhain:  Halla an Fheothanaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí

An Taibhdhearc, An tSráid Láir
Ticéid: antaibhdhearc.ticketsolve.com
Rphost: eolas@antaibhdhearc.com
Fón: 091-562024

 

 

Read 35 times
Rate this item
(0 votes)