Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Feachtas A (Acht Gaeilge ó thuaidh)

Tá Acht Gaeilge á éileamh ag pobal na Gaeilge sna sé chontae le blianta fada anuas. Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 dualgas ar na sínitheoirí ‘to take resolute action to promote the language’ agus bhí sraith céimeanna luaite a bhí de dhíth le cinntiú go bhfaigheadh an Ghaeilge aitheantas cuí. Bhí na céimeanna aontaithe seo bunaithe ar thábhacht an aitheantais don teanga agus ar mheas agus chaoinfhulaingt a chinntiú don teanga. Cé gur pléadh le cuid de na cúrsaí a bhí luaite sa Chomhaontú bealach amháin nó bealach eile, tá cuid mhór fós le déanamh sula gcomhlíontar deis iomlán an Chomhaontaithe maidir le meas agus aitheantas a chinntiú don teanga. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear plé leis an teanga agus pobal na Gaeilge i gcoitinne ar bhonn comhionannais, agus go gcaithfear céimeanna a ghlacadh leis na forálacha eile sa Chomhaontú a chomhlíonadh.

I ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus Comhaontú Chill Rìmhinn 2006, tá an cás do reachtaíocht cosanta don teanga pléite go soiléir. Ar a bharr seo, tá reachtaíocht teanga de dhíth de réir na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha, daingnithe i 2001, agus le bheith leanúnach leis an Fhorógra ar Chearta Daoine mar bhaill de Mhionlach Eitneach, Reiligiúnach nó Teanga 1992.

Dá mbeadh Acht Gaeilge i bhfeidhm, bheadh stádas oifigiúil ag an teanga sna sé chontae don chéad uair. Tá an t-aitheantas seo de dhíth le cinntiú go bhfaigheann an teanga an tacaíocht agus infheistíocht cuí atá de dhíth le tuilleadh fás agus forbairt a spreagadh. Ar a bharr seo, tá sé an-tábhachtach gur féidir le Gaeilgeoirí a gcuid cearta teanga a úsáid mar is ceart, agus go mbeidh deis acu úsáid a bhaint as seirbhísí Gaeilge más maith leo.

Is iomaí sampla atá le feiceáil fud fad na cruinne de thíortha atá ag baint úsáide as reachtaíocht le cearta cainteoirí teanga mionlaigh a chosaint, agus tá sé seo aitheanta go forleathan mar an bealach is éifeachtaí leis seo a dhéanamh.

Léirigh dhá chomhairliúchán eile, i 2006 agus i 2007, go bhfuil an pobal ar son Acht Gaeilge.  Cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin eile ag tús 2015 maidir le tograí faoi choinne Bill na Gaeilge. Seoladh níos mó na 10,000 aighneacht chuig an RCEF agus táimid ag fanacht ar fhreagra ar ais ón Roinn ar an chéad céim eile.

 

Feachtas B (Comharthaí Bóthair)

In ainneoin gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta ó dheas, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Alt 9) Rialacháin 2008, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge níos lú, níos dofheicthe, níos doléite agus / nó i gcló Iodálach ar fhormhór na gcomharthaí bóthair in Éirinn, rud a chuireann in iúl go bhfuil stádas níos ísle ag baint le chéad teanga oifigiúil an Stáit ná leis an mBéarla. Thug Conradh na Gaeilge faoi staidéar neamhspleách ar chomharthaí bóthair dátheangacha a choimisiúnú chun an scéal a fhiosrú agus d’fhoilsigh Garrett Reil ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) Comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann – Tuairisc agus Moltaí i mí Dheireadh Fómhair 2008.

Tá stocaireacht á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar an gceist ó shin agus bhí cruinniú faoi chomharthaí bóthair dátheangacha ag toscaireacht ón eagraíocht leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó dheas, Leo Varadkar TD, le déanaí.

Mar thoradh ar an gcruinniú seo, tá cuma ar an scéal go mbeidh an tAire Varadkar ag cur moltaí an Chonartha i dtaca le comharthaí bóthair nua – ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir céanna leis an mBéarla – i bhfeidhm ar bhonn trialach. Ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbíonn cinn nua ag teastáil.

Léirigh do thacaíocht do chomharthaí a thugann comhionannas don Ghaeilge trí theachtaireacht a sheoladh chuig an Aire Varadkar ag moladh na gcomharthaí nua a thabharfadh cothromaíocht do chéad teanga an Stáit.

Ní neart go cur le chéile!

 

Feachtas C (Beartas Oideachais)

Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais féin a chur i bhfeidhm ó dheas, e.i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile; is féidir é seo a dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil. Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh.

I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B’fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach sna 26 Chontae:

  1. Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga; agus
  2. Litríocht na Gaeilge le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le Teanga na Gaeilge ag an leibhéal cuí.

Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D’aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí Litríocht na Gaeilge a mharcáil mar ábhar breise.

Tá an t-éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge ag dul i méid i gcónaí, thuaidh agus theas, agus ní mór leanúint leis an stocaireacht ar na Ranna Oideachais go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. I dtaca le múineadh na Gaeilge sna 6 Chontae, tá Conradh na Gaeilge ag moladh gur cheart:

  1. teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla); agus
  2. go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Ní mór brú a chur ar an Rialtas ó thuaidh chun deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE. Nuair a ghlac Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór cinneadh sa bhliain 2004 nach mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go leibhéal GCSE, bhí impleachtaí móra ag an chinneadh seo ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh. Idir 2007 agus 2009 amháin, thit líon na scoláirí a rinne staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2710 go 2084.

I gcuid mhór scoileanna anois, bíonn ar na scoláirí rogha a dhéanamh sula dtosaíonn siad sa chéad bhliain den mheánscoil faoin teanga a ndéanfaidh siad staidéar uirthi a fhad le Bliain 10. Tá scoláirí ann nach ndéanann Gaeilge ar bith sa chóras meánscolaíochta anois, fiú i scoileanna atá an-bháúil don spórt agus don chultúr Ghaelach, agus bíonn stádas na Gaeilge sa scoil ag brath cuid mhór ar dhea-thoil an phríomhoide reatha.

Go hachomair, seo a leanas na mórphointí a bhaineann le beartas oideachais an Chonartha le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:

  • Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;
  • Go ndéanfar teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE ó thuaidh agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin sa bheis ar an Bhéarla don GCSE;
  • Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;
  • Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal ó dheas le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach, Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn agus Litríocht na Gaeilgele déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil; agus
  • Go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus na Ranna Oideachais ag roghnú áiteanna do scoileanna nua agus dá réir, go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid, agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin nGaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

Tá na leasuithe atá á moladh ag an gConradh bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d’fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.