Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá an Cumann Lúthchleas Gael lán-sásta go bhfuil siad i measc na 70 eagraíocht atá ag glacadh páirte i mBliain na Gaeilge; Ceiliúradh na hathbheochana Gaeilge an bhliain seo chugainn.

Beidh roinnt imeachtaí Gaelacha a reáchtáil acu le linn na bliana leis an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa Chumann Lúthcleas Gael a léiriú.

Tá áthas ar Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán an CLG, go mbeidh páirt á glacadh ag an gCumann Lúthchleas Gael san fhéile bhliantúil. Agus é i mbun taifeadadh d’fhíseán Bhliain na Gaeilge, léirigh sé an tábhacht atá ag an nGaeilge sa chumann Lúthchleas Gael.

“Tá an Ghaeilge lárnach i ngach rud a dhéanimid sa Chumann Lúthcleas Gael”.

“Beidh lá Gaelach againne anseo i bPáirc an Chrócaigh i lár an Mhárta agus is Gaeilge ar fad a bheas in úsáid againn.”

Chomh maith leis sin, beidh seimineár Gaeilge acu ar 10 Feabhra leis an ról atá ag nGaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael a léiriú.

Dúirt Ó Fearghaíl le foireann an Chonartha, atá i mbun cheiliúradh na hathbheochana a stiúradh, go mbeidh físeán á chur le chéile lán d’imreoirí de chuid an CLG, idir pheiledóirí agus iománaitheoirí  “ag gréasú daoine agus an pobal i gcoitinne an Ghaeilge a chur chun cinn” agus go ginearálta go mbeidh níos mó béime á cur ar úsáid na Gaeilge.

Read 43 times
Rate this item
(0 votes)