Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Oíche na mBan

Ticéid ar fáil d’Imeacht Ceoil den Scoth a Chraolfar ar an Teilifís

Beidh oíche mhór shiamsaíochta ar bun san Empire Music Hall, Béal Feirste chun Oíche Nollaig na mBan a cheiliúradh.

Imeacht ceoil teilifíse á chur i láthair ag Lynette Fay agus ag Clíona Ní Bhuachalla do TG4.

Pardún a bhuachaillí ach is do na mná amháin an t-imeacht speisialta seo!

 

Má theastaíonn oíche go maidin uait féin agus ó do chairde, iarr ticéid anois. Mná ar fad a bheidh ag ceol agus ina measc beidh:

Heather Small * Bronagh Gallagher * Lumiere * Lisa McHugh * Una Healy * Ríoghnach Connolly * Lumiere agus neart eile

 

Beifear ag taifeadadh oíche Luain an 27 Samhain 2017 san Empire Music Hall, Béal Feirste

Tá éileamh mór ar thicéid. Déan iarratas anois mar sin má theastaíonn uait a bheith ann.

 

Seol ríomhphost chuigaudience@waddellmedia.com

*** Os cionn 18 mbliana d’aois amháin***

Craolfar Oíche na mBan ar TG4 an 6 Eanáir 2018, arna mhaoiniú ag an ILBF agus arna léiriú ag Waddell Media.

 

Read 25 times
Rate this item
(0 votes)