Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Céard é BEO – Gaelach agus Bródúil?

Ócáid Ghaeilge na bliana, go bunúsach! Is ceiliúradh ollmhór ar bheocht, pobal, oidhreacht, cultúr agus todhchaí na Gaeilge a bheidh ann. Tá fáilte roimh chách freastal ar an lá eachtrúil seo ina bheidh imeachtaí éagsúla oiriúnach do gach aoisghrúpa. I measc imeachtaí an lae beidh mórshiúil, siamsaíocht, ceol, óráidí, lá teaghlaigh agus eile. Beidh BEO mar cheann de phríomhimeachtaí Bliain na Gaeilge 2018.

Cathain a bhfuil sé ar siúl?

Tá BEO ar siúl ar an gcéad Satharn de Sheachtain na Gaeilge le Energia, 3 Márta 2018.

Cá bhfuil sé ar siúl?

Beidh BEO ar siúl i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, ó Chearnóg Parnell go Faiche Stiabhne.

Cé a bheidh ann?

Gach duine! Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid stairiúil seo. Scoileanna, Grúpaí Phobail, Eagraíochtaí, Gnólachtaí, Cumann Tríú Leibhéal, Teaghlaigh nó daoine aonair.

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh?

Tá beart speisialta a sheoladh amach againn go grúpaí a chláraíonn linn. Laistigh den bheart seo tá uirlisí le brat speisialta a dhearadh don ócáid, comh maith le treoracha ar conas é a dhéanamh. Le clárú do BEO agus leis an eolas is déanaí a fháil ar an imeacht, ní ghá ach an fhoirm seo a líonadh.

Read 35 times
Rate this item
(0 votes)