Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Céard í Bliain na Gaelige?

BEO – Gaelach agus Bródúil

Céard é BEO – Gaelach agus Bródúil?

Ócáid Ghaeilge na bliana, go bunúsach! Is ceiliúradh ollmhór ar bheocht, pobal, oidhreacht, cultúr agus todhchaí na Gaeilge a bheidh ann. Tá fáilte roimh chách freastal ar an lá eachtrúil seo ina bheidh imeachtaí éagsúla oiriúnach do gach aoisghrúpa. I measc imeachtaí an lae beidh mórshiúl, siamsaíocht, ceol, óráidí, lá teaghlaigh agus eile. Beidh BEO mar cheann de phríomhimeachtaí Bliain na Gaeilge 2018.

Cathain a bheidh sé ar siúl?

Tá BEO ar siúl ar an gcéad Satharn de Sheachtain na Gaeilge le Energia, 3 Márta 2018.

Cá bhfuil sé ar siúl?

Beidh BEO ar siúl i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, ó Chearnóg Parnell go Faiche Stiabhne.

Cé a bheidh ann?

Gach duine! Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid stairiúil seo. Scoileanna, Grúpaí Pobail, Eagraíochtaí, Gnólachtaí, Cumainn Thríú Leibhéal, Teaghlaigh nó daoine aonair.

Conas ar féidir liom páirt a ghlacadh?

Tá beart speisialta á sheoladh amach againn go grúpaí a chláraíonn le Bliain na Gaeilge. Laistigh den bheart seo tá uirlisí le brat speisialta a dhearadh don ócáid, chomh maith le treoracha ar conas é a dhéanamh. Le clárú do BEO agus leis an eolas is déanaí a fháil ar an imeacht, ní gá ach an fhoirm seo a líonadh.

Coimeád súil ar an leathanach seo le tuilleadh eolais a fháil.