Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

An bhfuil Hogwarts: A History léite agat? An bhfuil ábhar Living Death ar eolas agat?

Bí linn ag deireadh na míosa seo nuair a bheidh Tráth na gCeist ar dhomhan Harry Potter á reáchtáil againn i gClub Chonradh na Gaeilge. Idir leabhar agus scannán, déanfar tástáil cheart ar d'eolas faoi scéal mór le rá J.K. Rowling.

Agus mura bhfuil spéis agat ina leithéid, bíodh deoch agat ar son an bhuachalla a tháinig slán cibé.

Bord de 4r - €10 an bhoird. Úsáidfear an t-airgead le caoi a chur ar an áit mar chuid den tiomsú airgid.

Na bíodh imní ort teacht leat féin - cuirfear ar fhoireann thú. DA abú.

Ceisteanna - runai@anclub.ie 

 

http://www.peig.ie/feilire/event/64790-trath-na-gceist-harry-potter

Read 223 times
Rate this item
(0 votes)