Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Tháinig na grúpaí a bheidh ar ardán anocht trí chóras réamhbhabhtaí ó mhí na Samhna seo caite agus beidh siad san iomaíocht do dhuaischiste €4,500.

Beidh an craobhchomórtas ar siúl Dé Domhnaigh, 2 Aibreán ó 7.30in.

Beidh Áine Hensey mar láithreoir ar an oíche.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ó 01 417 0000 / www.nch.ie. Costas €15 ar thicéad (€7.50 do dhaltaí)

 

 

Read 296 times
Rate this item
(0 votes)
Tuilleadh ón gcatagóir seo « Céilí Mór Caifé Cultúir »