Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

I gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus na hImlitreach a chuaigh amach ón Aonad Gaeltachta go dtí na scoileanna Gaeltachta ar an 28 Aibreán 2017 a shonraigh gurb é an 15 Meitheamh 2017 an spriocdháta don Léiriú Spéise, tá sé beartaithe ag Gaeloideachas sraith de sheisiúin plé agus forbairt tuisceana ar an tumoideachas a chur ar bun sna Gaeltachtaí, mar atá leagtha amach sa tábla thíos.

Beidh fáilte roimh na pobail scoileanna ag na seisiúin plé seo.

Beidh saineolaí ar an tumoideachas agus príomhoidí atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ar na painéil de chainteoirí.

Ag freastal ar Ghaeltacht Dhún na nGall: 
-Dé Luain 22 Bealtaine 
-7i.n.
-Óstán Loch Altan, Gort a' Choirce, Co Dhún na nGall.

Ag freastal ar Ghaeltachtaí na Gaillimhe agus na Mí:
-Dé Máirt 23 Bealtaine 
-7i.n.
-Óstán an Clayton,
-Bóthar Muine Mheá, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh.

 

Ag freastal ar Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge:
-De Céadaoin 24 Bealtaine
-7i.n.
-Óstán Malton, Cill Áirne, Co Chiarraí.

Ag freastal ar Ghaeltachtaí Mhaigh Eo:
-Dé Máirt 30 Bealtaine
-7i.n. 
 -Óstán an Broadhaven, Béal a Mhuirthid, Co Mhaigh Eo.

 

Breis eolais ar fáil ó oifig@gaelscoileanna.ie 

Read 202 times
Rate this item
(0 votes)