Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is sa Díseart, Sráid an Doirín, An Daingean, Co. Chiarraí a bheidh imeachtaí uile Léachtaí Cholm Cille na bliana seo ar siúl ar 21 agus 22 Aibreán.
Tá an clár ar fáil anseo.
Toisc an bhaint stairiúil leanúnach a bhí ag Pádraig Ó Fiannachta (a cailleadh i mí Iúil na bliana seo caite) le Léachtaí Cholm Cille rinneadh an cinneadh léachtaí na bliana seo a thiomnú dó.
Bhí Pádraig ina léachtóir i Má Nuad ó 1958 go 1962, uair a ceapadh ina Ollamh le Sean- agus Nua-Ghaeilge é. Bhí sé ina Ollamh i Má Nuad ó 1962, mar sin, go dtí 1992.

Tá tuilleadh eolais faoi na léachtaí ar fáil ar an leathanach seo: http://www.leachtaicholmcille.ie/ nó is féidir dul i dteagmhail le Orla Bradshaw ar Orla.Bradshaw@nuim.ie

 

http://www.peig.ie/feilire/event/57367-leachtai-cholm-cille-xlviii-an-moinsineoir-padraig-o-fiannachta 

 

 

Read 129 times
Rate this item
(0 votes)