Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Leis an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne ag fás in aghaidh an lae, bheartaigh foireann Sheachtain na Gaeilge gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar seo agus lá faoi leith a roghnú le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Tá obair na gcapall déanta ag Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta. Táimid ag iarraidh daoine fud fad an domhain a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid ar an lá seo ach go háirithe!

Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is gníomhaí ar líne. Is léir an t-éileamh atá uirthi ó na seirbhisí atá ar fáil anois trí Ghaeilge; téacsáil réamhaithriseach, aipeanna agus na céadta suíomhanna idirlíne.

Ar Déardaoin 16 Márta 2017 beidh Lá na Meán Sóisialta againn. Is féidir páirt a ghlacadh sa lá seo pé áit a bhfuil tú lonnaithe ar domhan! Le páirt a glacadh níl ort ach postáil a chur in airde ar chuntas atá agat ar ardán ilmheánach ar bith agus an haischlib #LNMS17 a chur leis. Chomh simplí leis sin!

Ná déanaigí dearmad leas a bhaint as na meáin shóisialta sa chuid eile de Sheachtain na Gaeilge le Energia chomh maith. Bain úsáid as na haischlibeanna #SnaG17 agus #Gaeilge leo seo agus déanfaidh muidne na cinn is fearr a roinnt onár gcuntais.

http://www.peig.ie/feilire/event/50597-la-na-mean-soisialta-2017 

 

Read 718 times
Rate this item
(0 votes)