Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag an Donegal Democrat, 21/01/2016

Le Michelle Nic Phaidín

Déanfar an leabhrán "Eirí Amach 1916, Oidhreacht Choláiste Uladh" a sheoladh in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce, oíche Dhéárdaoin, anocht, an 28ú lá de mhí Eanáir ar a 7 a' chlog.
Is iad Foras na Gaeilge príomh urraí an leabhrán agus is é Príomh Fheidhmeannaigh an Fhorais, Ferdia Mac an Fháilí, a dhéanfas an seoladh go hoifigiúil. Is leabhrán eolais í seo ar an gceangal a bhí ag Coláiste Uladh le cuid de laochra Éirí Amach na Cásca 1916. Is iad sin Pádraig MacPiarais, Seosamh Máire Pluincéid agus Ruairí Mac Easmuinn, a bhí gníomhach i mbunú agus i bhforbairt an choláiste in 1906. Bhí borradh mór faoin teanga agus faoin chultúr ag an am mar pháirt den athbheochan chultúrtha a bhí ar siúl sa tír.
Tá 54 leathanach sa leabhrán a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoile agus don phobal i gcoitinne mar fhoinse eolais ar chúlra an Éirí Amach, imeachtaí Sheachtain na Cásca, sínitheoirí fhorógra na Poblachta chomh maith le ról na mban. Tá eolas inti faoi stair Choláiste Uladh féin agus faoin Chonstábla Charlie Mac Aoidh as Inis Bó Finne. Is iad an Dr. Seosamh Ó Ceallaigh agus Donnchadh MacNiallais údair an leabhar, thar cheann Choiste Comórtha Choláiste Uladh. 

Coláiste Uladh was established in Gort an Choirce in 1906 to foster the revival of the Irish language and culture which was taking place in the contry at the time. Central figures in the early days of the college's development were also prominent leaders of the Easter Rising. A commemorative booklet recording national events and their connections with Coláste Uladh, will be launched in Óstán Loch Altan on Thursday, January 28th at 7pm.
The aim of the booklet is to nurture the rich heritage of language, culture and history in the next generation, in the hope that it will inspire them to embrace their unique identity. As Padraig Mac Piarais himself said, the nation's most precious jewel is the child speaking its language.

Read 1653 times
Rate this item
(0 votes)