Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Irish Independent - Seachtain
6 Eanáir 2016

Fionnuala Ní Mhuilleoir

 

Tá sé ar dhuine de na hamhránaithe is aitheanta ar domhan - agus anois tá sé ag ceol i nGaeilge. Tá Ed Sheeran tar éis Ag Smaoineamh Os Ard - leagan den amhrán chlúiteach a bhí ar uimhir a haon in Éirinn agus i 10 dtír eile - a thaifead don albam Ceol 2016.

Is Sasanach é Sheeran ach is de bhunadh na hÉireann a bheirt tuismitheoirí a rugadh i Londain.

Sheinn Eoghan McDermott Ag Smaoineamh Os Ard den chéad uair ar a chlár ar RTÉ 2FM. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge an físeán ceoil ar líne agus tá sé feicthe ag níos mó ná 13,000 duine.

Thaifead Sheeran (thuas) an t-amhrán nuair a bhí sé ar camchuairt san Astráil agus thug McDermott na focail dó de réir foghraíochta. Dúirt McDermott go raibh sé "Dochreidte go raibh siad in ann Ed SHeeran a fáil le leagan sonrach a dhéanamh den amhrán... agus tá sé míle uair níos fearr go bhfuil sé as Gaeilge! Taispeánann Ed agus na ceoltóirí iontacha eile ar an dlúthdhiosa go bhfuil réabhlóid na Gaeilge ann go háirithe i saol an cheoil. Léiríonn an t-albam go bhfuil aon duine in ann an Ghaeilge a labhairt agus ba chóir dúinn uilig triail a bhaint as."

Chuir Conradh na Gaeilge agus Raidió RíRá an t-albam le chéile i gcomhar le 2FM. Seolfar an dlúthdhoisca ar fud na tíre an mhí seo.

Beidh na Coronas, Hudson Taylor, The Academic, Keywest, Hamsandwich, Kodaline agus Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Seo Linn, ar an albam chomh maith.


(is Stiofán Ó Fearaíl, Seol Linn a d'aistrigh Ag Smaoineamh Os Ard go Gaeilge do Ed)

Read 1013 times
Rate this item
(0 votes)