Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Lár Sráide
6 Eanáir

 

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsa do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú ba nArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labharth Gaeilge. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.

Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach tráthnóna Aoine in Aras na nGael, 45 Sr Soiminic, ar feadh tréimse 10 seachtain agus déanfar freastal ar mhic léinn atá ag staidéar don ard leibhéal agus don gnáth leibhéal. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirdear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide. Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.

Is féidir clárú don chúrsa nua anois ar www.arasnangael.ie nó is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 092 567824

Read 478 times
Rate this item
(0 votes)