Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..


Tar éis gur éirigh chomh maith sin le comóradh 100 bliain 1916, tá imeacht bliantúil ‘Cruinniú na Cásca’ beartaithe ag Éire Ildánach / Creative Ireland agus RTÉ ar Luan Cásca as seo amach

Is í aidhm na féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus ar chruthaitheacht mhuintir ilchineálach na hÉireann.

Chuige sin tá éagsúlacht mhór sa chlár idir cheol, dhamhsa, amharclannaíocht, cheardlanna ealaíne, litríocht agus thaispeántais scáileáin a léiríonn an saibhreas mór cultúir atá againn in Éirinn

Tá imeachtaí nach mbeifeá ag súil leo fosta, mar atá ceardlanna feirmeoireachta inmharthana, an baile bia, seisiúin Lego, ealaín sráide 3D, céilí mór sráide agus seisiún drumadóireachta, a rachadh i bhfeidhm ar réimse leathan daoine.

Féile lae is ea í agus titfidh na himeachtaí ar fad sa Phríomhchathair amach idir 11rn – 6in i gceithre shuíomh – Cé Theach an Chustaim, Faiche Stiabhna, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Margadh na Feirme.

Beidh sraith imeachtaí Gaeilge ar siúl sa Generator i Margadh na Feirme mar chuid den fhéile, á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Agallamh poiblí le hÉilís Ní Dhuibhne a chuirfidh tús le himeachtaí ag 11rn agus í faoi agallamh ag scríbhneoir mór eile, Áine Ní Ghlinn.

Tá gach eolas le fáil ag cruinniu.rte.ie nó ó na húdaráis áitiúla.

Moltar ticéid (saor in aisce) a chur in áirithe ansin freisin.

 

http://www.peig.ie/feilire/event/57419-cruinniu-na-casca-2017 

 

 

 

Read 341 times
Rate this item
(0 votes)