Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Newry Reporter, 26 Deireadh Fómhair


Mar aitheantas ar an chion agus ar an mheas a bhí agus atá go fóill ag baill Chraobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge ar an Bhráthair Beausang, bhronn siad sciath agus deontas (urraithe anois ag Foras na Gaeilge), don chéad uair sa bhliain 2001, ar an bhuachaill is mó a rinne saothar ar son na teanga i Scoil na Mainistreach. Sciath den scoth atá ann agus ón am a bhronnadh é ar Antaine Ó Cuaigh (RIP), an chéad ar greanadh a ainm ar an sciath, bionn an-tóir ar an duais achan bhliain.

Bronnadh an sciath ar scoth scoláirí le cúig bhliana anuas anois. Is ar Thairnán Mac Gabhann agus Rian Mac Eoghain a bhronnadh an sciath i mbliana.

Scoth scoláirí atá iontu beirt, fir a bhain comórtas caint phoiblí Gael-Linn le blianta beaga anuas.

Beirt a bhfuil bua an cheoil agus damhsa acu, agus a mbíonn i gconaí sásta ceannaireacht a ghlacadh ar imeachtaí teanga sa scoil.

Rachaidh an deontas a bhronnadh orthu ag Foras na Gaeilge i dtasca le leabhair a cheannach ar an Ollscoil, áit a dhéanfaidh siad beirt staidéar ar an Ghaeilge.


 

 

 

Read 330 times
Rate this item
(0 votes)