Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Am: 11.00 – 16.30, 25 Bealtaine

Áit: The Lyric Theatre, Ridgeway St, Béal Feirste

Sonraí an Imeachta:

Comhdháil ar Dhrámaíocht na Gaeilge – tá Aisling Ghéar ag iarraidh ar dhrámadóirí agus ar lucht drámaíochta, ar choimeádaithe cultúir agus ar chrainn taca an chultúir, ar lucht acadúil agus ar aisteoirí theacht le chéile ar feadh lá amháin chun cur is cúiteamh a dhéanamh ar an dóigh atá ar dhrámaíocht na Gaeilge i láthair na huaire agus ar na deiseanna fáis atá i ndán di.

Tá painéal den scoth tugtha le chéile againn: an t-úrscéalaí/gearrscéalaí, Éilís Ní Dhuibhne; Brian Ó Conchubhair, Ollamh Comhlach le Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame; an t-aisteoir ardiomrá, Caitríona Ní Mhurchú; Dave Duggan, an drámadóir is scríbhneoir a fuair ainmniúchán Oscar; agus Deirdre Davitt, iarLeas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Beidh oíche shiamsaíochta ann chomh maith agus fógrófar na mionsonraí níos moille sa mhí.

Tá saorchead isteach chuig an chomhdháil agus chuig an oíche shiamsaíochta araon ACH ní mór áit a chur in áirithe don chomhdháil. Lón éadrom san áireamh. Cuir rphost chuigcatherine@aislingghear.com 

Teagmhálaí: Catherine Glennon

Uimhir Ghutháin: 00 44 2890 8040

Read 92 times
Rate this item
(0 votes)