Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Irish Times 17/10/2016

Pól Ó Muirí

 


Tá an Gúm 90 bliain d’aois agus to comhdháil le stair an eagrais a chomóradh

Is beag duine a léann leabhar nach n-aithneoidh láithreach na focail – An Gúm. Nócha bliain d’aois ata an t-eagras, eagras atá faoi chúram Fhoras na Gaeilge anois. Tá lucht an fhorais agus scoláirí le comhdháil lae ar champas UCD a reáchtáil Dé hAoine le saothar an Ghúim a phlé.

Le leabhair a aistriú go Gaeilge agus ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge a bhunaigh Ernest Blythe, aire rialtais sna 1920í, an t-eagras an chéad lá riamh. Is ag foilsiú leo atá siad ó shin.

Oiread chéanna le Foras na Gaeilge féin, bhain iaróga leis an nGúm ó thús ama. Ní raibh gach aon duine sásta le cuspóirí agus le cur chuige an eagrais. Bhí an scríbhneoir Conallach Seosamh Mac Grianna fíochmhar á cháineadh: “This is how the Gargantuan paper giant was born. Ernest Blythe having been in Wales and having seen a number of English books translated into Welsh, and Ernest Blythe being thick in the head, came to the conclusion that a similar scheme of translation would be good for Ireland.”

Murar leor sin, thug Mac Grianna fuath d’ainm an eagrais: “The civil servants – or was it the type writers? – discovered the word Gúm – phonetically the most swinish word that could be grunted into human ears. Do not ask me what the word means: I do not know, not have I ever met any man who could tell me.”

Sa bhliain 1932 a foilsíodh an méid sin ach bhí daoine ar an bpost chéanna go ceann tamaill ina dhiaidh sin.

Scríobh an criticeoir, Tomás Ó Floinn, ar Comhar sa bhliain 1942 go raibh sé “i gcoinne aistriúcháin ón mBéarla, ar chúiseanna nach bhfuil spás agam a léiriú anseo. Ach cá bhfuil dul as ag an nGúm? Níl na bunleabhar ag teacht chucu”.

Bíodh sin mar atá, dearfainn gur beag léitheoir nach bhfuil leabhar de chuid an Ghúim ar an tseilf acu.

Bíodh is go raibh sé cáinteach foain eagras, chuir an Griannach aistriúchán álainn ar Islanders le Peadar O’Donnell ar fáil. Leabhar breá atá san úrscéal bheag seo i mBéarla agus tá an leagan le Mac Grianna, Muintir an Oileáin, thar barr.

Níor dhoiligh do dhuine ar bith againn liosta fada leabhar fiúntach de chuid an Ghúim a lua. Ba bhoichte i bhad muid mar léitheoirí gan iad.

Mar sin de, cruinneoidh aos léinn le chéile i mBaile Átha Cliath le cás an Ghúim a phlé. Réaltra de scoláirí a bheas ann, ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh ag caint ar bhunú an Ghúim agus na taomanna polaitíochta gaus staire a mhúnlaigh é; labhróidh Michael Cronin faoin eagras i gcomhthéacs na hEorpa; scrúdóidh Gearóidín Uí Laighléis an caidreamh a bhí ag an eagras le scríbhneoirí agus beidh Alan Titley, colúnaí abhus anseo, i mbun turais ar sheoda leathdhearmadta an Ghúim. Lena chois sin, amharcfar ar an bhfilíocht, ar leabhar do pháistí, ar ealaín na gclúdach agus ar na leabhair ar tugadh diúltú dóibh.

Ní bréag a rá a bhfuil lón machnaimh sa chlár agus is beag seans go gcluinfear ‘swinish’ focal le linn an lae.



Read 157 times
Rate this item
(0 votes)