Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh sraith cruinnithe á reachtáil mar chuid d'fhóram oscailte Chonradh na Gaeilge, le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach san olltoghchán in 2016.  I measc rudaí eile, beidh daoine á lorg againn atá sásta cabhrú linn leis na héilimh a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh i ngach toghcheantar don olltoghchán.  Tá fáilte roimh chách tíocht agus a dtuairimí a roinnt.  Tá súil againn go mbeidh tú in ann a bheith linn ag an gcruinniú tábhachtach seo - ní neart go cur le chéile!

Thíos tá na sonraí na gcruinnithe a bheidh ar siúl roimh dheireadh na míosa;

The Welcome Inn Hotel, Sráid Aontroma Nua, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo ar 9.00in Dé Luain, 18 Eanáir 2016
Lock 13 Gastropub, Radharc na Canálach Móire, Na Solláin, Co. Chill Dara ar 8.00in Dé Máirt, 19 Eanáir 2016,
An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co. an Chláir ar 1.00in Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2016
Billy Byrnes Bar, 39 Sráid Eoin, Cill Chainnigh ar 8.00in Dé Céadaoin, 27 Eanáir 2016


Tuilleadh eolais: cearta@cnag.ie
Twitter: @CnaG #GaelVóta


Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta: http://bit.ly/1JKDS6H
Bearta Ionadaíochta: http://bit.ly/1PXrvUd


Read 448 times
Rate this item
(0 votes)