Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Insint Eile – Na Trí Cailleacha

| 1 | ,

Bailitheoir – Máire Ní Chinnéide

Faisneiseoir – Peadar Mac Diarmuid, Na Cruacha Gorma

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428337/4396578/4499689

Bhí bean ann agus trí iníonacha aici. Lá amháin rinne an ceann ba shine acu amach go rachfadh sí ar fostú. D’imigh sí léi. Casadh fear uirthi agus d’iarr sé uirthi an ndeánfadh sí fostú. Rinne sí fostú agus d’imigh sí féin agus an fear abhaile. An oíche sin fuair sí suipéar agus leaba agus ar maidin nuair a d’éirigh sí dúirt an máistreás léi go gcaithfeadh sí leath-dhosaen de léinte bána a dhéanamh roimh an dó a chlog an lá arna bhárach. Dúirt sise nach bhfaca sí sin á dhéanamh ariamh. Cuireadh isteach i seomra í agus bhí achan ghléas ann i gcomhair na hoibre.

Tháinig an oíche. Ní raibh rud ar bith déanta aici agus thoisigh sí ag caoineadh. Ní raibh sí i bhfad ag caoineadh nuair a d’oscail an doras agus tháinig bean isteach agus gaosán mór dearg uirthi. D’fhiafraigh sí den ghirseach caidé bhí uirthi. D’inis sise fán obair a bhí idir lámha aici agus nach dtiocfadh léi í a dhéanamh. Dúirt an bhean nach mbeadh sise i bhfad a dhéanamh agus rinne.

Bhí áthas ar bhean an tí nuair a chonaic sí an obair deánta.  An oíche sin fuair sí suipéar dhá uair ní b’fhearr ná an oíche roimhe agus leaba dhá uair ní b’fhearr le luí uirthi. Maidin lá arna mhárach cuireadh isteach sa tseomra í. Tugadh dithe olann agus achan ghléas agus hiarradh uirthí dhá dhosaen de ghiosáin a dhéanamh agus achan dath a bheith orthu. Ní thiocfadh léi iad a dhéanamh.  Ag titim na hoíche shuigh sí síos agus thoisigh sí ag caoineadh. Níorbh fhada ag caoineadh í nuair a tháinig bean isteach agus cos amháin an-mhór mhíofar uirthi. Rinne sí an obair don chailín. Dúirt sí go gcaithfeadh sí cuireadh a thabhairt di féin agus do bhean na hoíche roimhe chun na bainse. Dúirt an cailín go dtabharfadh agus fáilte. Bhí áthas agus iontas ar bhean an tí nuair a chonaic sí go raibh an obair deánta.  Thug sí suipéar agus leaba an-mhaith di. An tríú lá cuireadh isteach sa tseomra céanna í.  Tugadh an-rud lín di le sníomh roimh an oíche. Ní raibh an cailín ábalta é a dhéanamh. Cé tháinig isteach ach bean agus lámh an-mhór uirthi. Dúirt sí leis an chailín go ndeánfadh sí an obair dá dtabharfadh sí cuireadh chun na bainse di. Dúirt an cailín go dtabharfadh agus rinne an tseanbhean an obair di.

Nuair a tháinig bean an tí isteach dúirt sí go raibh sí an-sásta mar bhí céile maith a dhíobhail ar a mac agus go ndeánfadh sise gnaithe.

Pósadh iad agus thug an cailín cuireadh chun na bainse do na cailleacha. Bhí iontas ar an chuideachta nuair a chonaic siad an gaosán mór, an chos mhór agus an lámh mhór. Chuir an fear ceist ar bhean an ghaosáin mhóir cad chuige a raibh a gaosán chomh mór. Dúirt sí go raibh sí ar fostú ag fear agus go raibh sí go síoraí ag fuáil agus sa deireadh chuaigh a cuid fola uilig ‘na gaosáin mar bhí a ceann cromtha i gcónaí agus d’éirigh a gaosán chomh mór sin. Dúirt an fear más mar sin a tharla ní dheánfadh bean s’aige-sean fuáil lena beo. Ansin cheistigh sé fáth na láimhe móire ar an bhean eile agus dúirt sise go mbíodh sí ar fad ag cardáil agus d’éirigh a lámh chomh mór sin. Dúirt an fear nach ndeánfadh a bhean-sa cardáil ní ba mhó. Ansin cheistigh sé fáth na coise móire. Dúirt an bhean go mbíodh sise go síoraí ag sníomh go dtí gur éirigh a cos an-mhór. Dúirt an fear nach ndeánfadh a bhean sníomh an fhad a mhairfeadh sí.  Bhí siad go maith ón lá sin go dtí an lá inniu.

Níos mó