Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Cuirfear tús le hAcmhainní an Mhúinteora mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá sé mar aidhm anseo acmhainní sa bhreis a chur ar fáil don seomra ranga, i bhfoirm léamhtuisceana don mhúinteoir Gaeilge. Rinneadh aistriúchán ar alt ón Daily Mail ar scéal atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair.

 Alt aistrithe ón Daily Mail: 08/03/2017 

http://www.dailymail.co.uk/tvshowbiz/article-4292342/Kristen-Stewart-holds-head-hands-debuts-buzzcut-premiere.html  

Bhí a gruaig fhada dhonn mar thrádmharc aici ó gur tháinig clú agus cáil uirthi sna scannáin Twilight. Ach, chuir Kristen a cuma nua os comhair an tsaoil ag seoladh a scannán Personal Shopper i Los Angeles Dé Máirt. Shiúil an t-aisteoir an cairpéad dearg, ag cur iontais ar a lucht leanúna lena bearradh nua.

Bhí sí ag caitheamh t-léine gearr, brístí agus sála arda, agus chuir a héadaí go mór leis an ngruaig nua.

Shiúil Kristen, atá ag dul amach le mainicín Stella Maxwell, an cairpéad ina haonar, rud éigin a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an slua agus na meáin.

Is cinnte gur athrú mór é an bearradh seo ón stíl gruaige a bhí aici an lá roimhe sin ag agallamh don scannán a rinne sí ag Los Angeles County Museum of Art.

Is scéinséir síceolaíoch é an scannán atá bunaithe ar scéal taibhse suite i ndomhan thíos an fhaisin i bPáras. Tá carachtar Kristen buartha faoi bhás a leathchúpla, agus caitheann sí a cuid ama ag a teach i bPáras, ag déanamh iarrachta dul i dteagmháil lena taibhse.



 

 

 

 

 

Read 553 times
Rate this item
(0 votes)