Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.

Tá breis agus 180 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Músclaíonn an eagraíocht uile-oileánda seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht uathúil teanga, agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach luachmhar atá againn.

Ráiteas Misin na hEagraíochta

An Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Príomh-Réimsí Oibre

  • Abhcóideacht
  • Oideachas
  • Cumasú pobail
  • Siamsaíocht / Féilte
  • Ardú feasachta
  • Ionadaíocht

Tuilleadh eolais faoin méid atá thuasluaite ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge.

Cuireann Conradh na Gaeilge aighneachtaí isteach ar chomhairliúcháin poiblí le cur leis an díospóireacht maidir le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge.  Bunaítear na haighneachtaí seo ar thaighde atá déanta ag Conradh na Gaeilge, ar eolas maidir le cúrsaí áitiúla agus ar shamplaí agus ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi na haighneachtaí seo nó faoin taighde atá ar bun againn, déan teagmháil le taighde@cnag.ie 

    Taighde Chonradh na Gaeilge

  • Céard é an Scéal? Dearcthaí an Phobail i leith na Gaeilge

    Cuireadh tús le 'Céard é an Scéal? - tuairimí an phobail i leith na Gaeilge' ag tús 2015.  Go príomha, tá an taighde seo á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge chun:

    1. riachtanais agus tosaíochtaí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aibhsiú agus a chur chun cinn
    2. constaicí maidir le fás agus forbairt na Gaeilge sa mhórphobal a aithint agus plean oibre a dhréachtú dá réir  

    Mar gheall ar an eolas seo, beudh Conradh na Gaeilge in ann stocarieacht níos éifeachtaí agus tomhaiste a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge leis na húdárais, le heagraíochta poibló agus sa saol poiblí i gcoitinne. 

    Déanfar an taighde seo ar bhonn bliantúil amach anseo chun na réimsí difriúla atá ann i saol na GAeilge agus na Gaeltachta a chlúdach, agus le tuiscint níos doimhne a fhorbairt i dtaca le riachtanais phobal na Gaeilge fud fad an oileáin.  Chomh maith leis sin, táimid ag súil go dracharfaidh an taighde seo go leor eolas breise do na ceanneagraíochtaí eile agus do ghrúpaí Gaeilge trí chéile gur féidir á úsáid le cur lena gcuid oibre.  

    Le tuilleadh eolas a fháil faoin taighde seo, déan teagmháil le taighde@cnag.ie 

    Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2015

    Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2016

 

 

Ról an Choimisinéara Teanga

Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Is é Rónán Ó Domhnaill an Coimisinéir Teanga reatha.

Feidhmeanna an Choimisinéara Teanga

Seo a leanas dualgais an Choimisinéara Teanga mar a shonraítear iad in alt 20 – 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.
  • Imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon duine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé de cheart freisin go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
  • Tuarascáil i scríbhinn a ullmhú faoi gach imscrúdú.
  • Comhairle a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
  • Comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
  • Tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.
  • Cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.

Gearáin & Imscrúduithe

Fiosraíonn an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Chomh maith leis sin, fiosraíonn an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.

Mura féidir leis an gCoimisinéir Teanga an gearán a réiteach go sásúil ar bhonn neamhfhoirmiúil, is féidir leis imscrúdú nó fiosrúchán foirmiúil a sheoladh. Is féidir imscrúdú a dhéanamh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus/nó ar thionscnamh an Choimisinéara Teanga.

Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais féin a chur i bhfeidhm ó dheas, e.i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile; is féidir é seo a dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil. Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh.

I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B’fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach sna 26 Chontae:

  1. Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga; agus
  2. Litríocht na Gaeilge le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le Teanga na Gaeilge ag an leibhéal cuí.

Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D’aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí Litríocht na Gaeilge a mharcáil mar ábhar breise.

Tá an t-éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge ag dul i méid i gcónaí, thuaidh agus theas, agus ní mór leanúint leis an stocaireacht ar na Ranna Oideachais go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. I dtaca le múineadh na Gaeilge sna 6 Chontae, tá Conradh na Gaeilge ag moladh gur cheart:

  1. teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla); agus
  2. go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Ní mór brú a chur ar an Rialtas ó thuaidh chun deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE. Nuair a ghlac Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór cinneadh sa bhliain 2004 nach mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go leibhéal GCSE, bhí impleachtaí móra ag an chinneadh seo ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh. Idir 2007 agus 2009 amháin, thit líon na scoláirí a rinne staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2710 go 2084.

I gcuid mhór scoileanna anois, bíonn ar na scoláirí rogha a dhéanamh sula dtosaíonn siad sa chéad bhliain den mheánscoil faoin teanga a ndéanfaidh siad staidéar uirthi a fhad le Bliain 10. Tá scoláirí ann nach ndéanann Gaeilge ar bith sa chóras meánscolaíochta anois, fiú i scoileanna atá an-bháúil don spórt agus don chultúr Ghaelach, agus bíonn stádas na Gaeilge sa scoil ag brath cuid mhór ar dhea-thoil an phríomhoide reatha.

Go hachomair, seo a leanas na mórphointí a bhaineann le beartas oideachais an Chonartha le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:

  • Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;
  • Go ndéanfar teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE ó thuaidh agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin sa bheis ar an Bhéarla don GCSE;
  • Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;
  • Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal ó dheas le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach, Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn agus Litríocht na Gaeilgele déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil; agus
  • Go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus na Ranna Oideachais ag roghnú áiteanna do scoileanna nua agus dá réir, go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid, agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.

Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin nGaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

Tá na leasuithe atá á moladh ag an gConradh bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d’fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Eolaire Gnó PEIG.ie

Tá seirbhís mhargaíochta nua á tairiscint ag Conradh na Gaeilge atá saor in aisce do chuideachtaí agus don phobal, Eolaire Gnó Peig.ie. Tá an t-eolaire gréasáin nua do sheirbhísí Gaeilge ar an bhfód ó Mheitheamh 2016 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. 

Cuirtear eolas ginearálta faoi chuideachtaí ar an eolaire ar fáil cosúil le sonraí teagmhála, uaireanta oscailte, agus catagóir ghnó - tá breis is 120 cuideachta cláraithe faoi láthair. Beidh an t-eolas seo ar fáil do bhaill an phobail dá n-úsáid phearsanta féin.

Seo a leanas roinnt eolais faoin eolaire agus conas leas a bhaint as an tseirbhís seo: 

  • Tá an t-eolaire á fhorbairt ar mhaithe le heolas faoi sheirbhísí Gaeilge a scaipeadh mar aon le héileamh agus úsáid na seirbhísí seo a ardú i measc an phobail.
  • Feidhmeoidh an t-eolaire uile-oileánda seo mar lárphointe eolais do phobal uile na hÉireann le nascanna do shuíomhanna idirlín chuideachtaí agus do sheirbhísí éagsúla atá á gcur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.
  • D'fheadfadh an t-eolaire cabhrú le cuideachtaí custaiméirí breise a mhealladh agus gné uathúil dhíolacháin (USP) a chur ar fáil dóibh.
  • Tabharfaidh an t-eolaire deis don phobal seirbhísí agus cuideachtaí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a aimsiú ar suíomh amháin.

 


Deich bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:

  1. Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
  2. Tá Gaeilge ag daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
  3. Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
  4. Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
  5. Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
  6. Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith don chomhlacht in áit an mhargaidh.
  7. Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
  8. Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
  9. Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí le léargas ar chultúr na hÉireann.
  10. Tá sé éifeachtach ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.

Eolas seo bunaithe ar thaighde Brown 2015, tuilleadh eolais anseo.

Cén chaoi le do chuid sonraí a chlárú le hEolaire PEIG.ie:

Táimid ag súil leis an méid is mó seirbhísí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa bhfiontar nua seo. Tá seirbhísí á lorg againn atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge cheana féin nó seirbhísí atá ann a d’fhéadfadh comhlacht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is féidir an fhoirm chláraithe thíos (leagan Béarla agus leagan Gaeilge) a úsáid chun seirbhís a chlárú leis an eolaire.

De réir a chéile, cuirfear bunachar de sheirbhísí Gaeilge le chéile leis an eolas seo agus cuirfear an t-eolas seo ar fad ar an suíomh idirlín PEIG.ie. Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú cóip den séanadh freagrachta leis an ríomhphost seo gur fiú do chuideachta a léamh roimh ré.

Lean an dá chéim éasca thíos:

  1. Léigh an séanadh freagrachta
  2. Líon an fhoirm chláraithe (Leagan Gaeilge)
  3. Fan go dtí go seoltar ríomhphost deimhnithe ó fhoireann PEIG.ie

Ní gá le Gaeilge chun do chuid chomhlachta a bheith páirteach. Is féidir seibhísí áirthe trí mheán na Gaeilge a chlárú más maith leat. Fiú má tá 'cúpla focal' ag d'fhoireann, léiríonn do chuid rannpháirtíoctha in Eolaire Gnó PEIG.ie go bhfuil do chomhlacht ag déanamh a sheacht ndícheall úsáid a bhaint as an nGaeilge go laethúil.

Seolfar pacáiste tacaíochta chugat i ndiaidh clárúcháin, le hacmhainní a thiocfaidh i gcabhair leat an Ghaeilge a chur chun cinn san ionad oibre.

Má tá aon cheist agat faoin eolaire nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil linn.

Ríomhphost: eolairepeig@cnag.ie  Uimhir: (01) 475 7401

Fochatagóirí