Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Bíonn neart féilte ar siúl i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh ar an ealaín, ar an gceol agus ar an gcultúr, agus is minic a bhíonn gné Ghaelach nó baint le cultúr na hÉireann ag na féilte seo.  Bíonn mórchuid dóibh oiriúnach don chlann ar fad agus is fiú go mór freastal ar chúpla ceann le blaiseadh a fháil den cheol, de na healaíona, na ceirdeanna agus den réimse leathan cultúr atá le fáil.

Cúirt – Féile Litríochta Gaillimh  
Festifál 2014 Dún na nGall http://www.falcarragh.ie/attraction/falcarragh-festival-17-festifal/
Féile Ealaíne an Earagail   http://www.eaf.ie/
Féile Ealaíona Cheatharlach (Éigse) Ceatharlach http://carlowartsfestival.com/
Féile Hay An Mhí Suíomh gréasán
Fleadh Scannán na Gaillimhe Gaillimh http://www.galwayfilmfleadh.com/
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair Dún na nGall http://www.scoilgheimhridh.com/
Scoil Samhraidh Willie Clancy An Clár Suíomh gréasán
Féile Scéalaíochta Chléire Oileán Chléire http://capeclearstorytelling.com/
Féile Trad Daingean Uí Chúis http://capeclearstorytelling.com/
Imagine Port Láirge http://imagineartsfestival.com/
Éigse Dhiarmuid Ui Shúilleabháin Cúil Aodha/Baile Mhúirne http://www.eigse.ie/
Éigse Eatharlaí Tiobrad Árainn http://www.eatharlai.ie/failte.html
Féile Bheag Filíochta Baile an Fheirtéaraigh http://www.feilebheagfiliochta.com/
Féile Scannaíochta Chiarraí Ciarraí http://www.kerryfilmfestival.com/
Scoil Acla Oileán Acla http://scoilacla.ie/
Scoil Cheoil na Botha An Bhoth http://anbhoth.ie/
Spleodar An tAonach http://nenagharts.com/index.php/spleodar/
Féile Ealaíona Chathair na Mart Cathair na Mart http://westportartsfestival.com/
Oireachtas na Gaeilge   http://www.antoireachtas.ie/







Is scéim ghradaim í An Ghaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad.  Tá Gael Linn i mbun na scéime sna scoileanna i bpáirt le Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

  • Cén aidhm atá ag an nGaelbhratach?

    Tá sí mar aidhm ag scéim na Gaelbhrataí scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach.

    Cuspóirí na Gaelbhrataí:

    • Go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil
    • Go spreagfar comhoibriú gníomhach idir na daltaí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
    • Go mbeidh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn

    Cuspóirí na Gaelbhrataí don dalta:

    • Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le páirt ghníomhach a ghlacadh in úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
    • Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
    • Go mbeidh an dalta níos muiníne agus tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach níos mó mar rogha teanga ina s(h)aol pearsanta
    • Go mbeidh tuiscint níos fearr ag an dalta ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil

    Cuspóirí na Gaelbhrataí don mhúinteoir:

    • Go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil ón múinteoir do na daltaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
    • Go mbeidh na daltaí níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim mar thoradh ar an obair ar fad
    • Go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo

  • Cén fáth gur fiú do scoil páirt a ghlacadh?

    • Spreagfaidh An Ghaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine
    • Cuirfidh An Ghaelbhratach le híomhá dhearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh den scoil
    • Cuirfidh An Ghaelbhratach na daltaí ar an eolas faoin saol Gaeilge lasmuigh den scoil
    • Beidh níos mó spéise ag na daltaí sa Ghaeilge
    • Spreagfaidh An Ghaelbhratach ceannaireacht i measc na ndaltaí
    • Cumasóidh An Ghaelbhratach na daltaí le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
    • Cruthóidh An Ghaelbhratach gréasán oibre idir na daltaí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
    • Beidh a fhios ag daltaí agus ag foireann na scoile (agus ag mic léinn agus ag tuismitheoirí féideartha) go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge
    • Beidh páirt ag an scoil sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn

    Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil bronnfar An Ghaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ghníomhach ar fad a rinne an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

  • Conas is féidir linn clárú don Ghaelbhratach?

    Más múinteoir tú agus má tá suim ag do scoilse páirt a ghlacadh sa Ghaelbhratach, déan teagmháil le Gael-Linn ag andrea@gael-linn.ie nó téigh go https://gaelbhratach.ie/ 

Is iomaí buntáiste atá ann dóibh siúd a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu.
Seo a leanas roinnt buntáistí atá ann dóibh siúd a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge

 

Nuair a thógtar trí Ghaeilge, tá buntáistí luachmhaire á dtabhairt dóibh ó thaobh:

1. A bheith in ann léamh agus scríobh

2. Níos mó teangacha a fhoghlaim

3. Scileanna cumarsáide a fhorbairt

4. Deiseanna fostaíochta sa todhchaí

5. Cairde nua a dhéanamh

6. Buntáistí smaointeoireachta
(cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide).

7. A bheith páirteach sa ghlúin nua Gaeilgeoirí

8. Buntáistí eacnamaíochta

 

Is léir na buntáistí a bhaineann leis an dhátheangachas agus oideachas dhátheangach ó thaobh taighde atá déanta faoi. Bíonn deathoradh ag an dhátheangachas ó thaobh cúrsaí oideachais i réimse leathan d'ábhair agus cabhraíonn sé an tríú nó an ceathrú theanga a fhoghlaim (Cenoz & Valencia, 1994).

Deimhníodh é go n-éiríonn níos fearr le daltaí a bhfuil líofacht acu i níos mó ná teanga amháin acu. (Gallagher & Hanna, 2002). Is féidir leis an oideachas dáteangach cumas acadúil na ndaltaí a ardú i dtaobh cumais, féin muinín agus cruthaitheacht. (NMABE, 2006; Cummins, 2000).

Tá níos mó scileanna eile bainte leis an dátheangachas atá mar bhuntaiste, agus nach bhfuil baint acu le cúrsaí oideachais. Cuireann sé le scileanna cumarsáide lastigh den tigh, le daoine eile, idir cairde agus i suíomhanna gairmiúla.

Ó thaobh cúrsaí cultúrtha de, cabhraíonn an ilteangachas le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar chultúir agus dul i ngleic le cultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002). Léiritear go bhfuil níos mó féinmhuinín agus agus aitheantas féiniúlachta ag daoine dátheangacha i gcomparáid le daoine a bhfuil ach teanga amháin acu (Baker, 2003). Is buntáiste é an t-ilteangachas a chabhraíonn le daoine radharc níos leithne a bheith acu ar an domhan, agus tugtar buntáistí ó thaobh smaoineamh cruthaitheach agus i dtaobh smaointe a léiriú (Bialystok et al. 2005).

 

Tá óg-eagrais ann ar fud fad na tíre a chuireann clubanna óige ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí ar mhian leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh.

 

  • Cumann na bhFiann

    Is eagraíocht é Cumann na bhFiann a eagraíonn clubanna óige go seachtainiúil/coicísiúil ar fud na tíre. Tá breis is 60 ionad Cumann na bhFiann timpeall na tíre. Is ceanneagraíocht í Cumann na bhFiann le dualgas ar ‘Forbairt Deiseanna Úsáide Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga’

  • Fóram na nÓg

    Oibríonn Fóram na nÓg ar leas na gclubanna óige Gaeilge, idir na hoibrithe agus na daoine óga féin.  Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Fhóram na clubanna seo a láidriú  agus a fhorbairt.

  • Óige na Gaeltachta

    Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht.

    Aithníodh an gá a bhí ann struchtúr d’aos óg na Gaeltachta a bhunú sna moltaí a rinneadh i dtuarascáil ar riachtanais óige na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2003.

    Bunaíodh eagraíocht don óige, Óige na Gaeltachta, sa bhliain 2005 agus tá sé á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta.

  • Ógras

    Eagraíonn Ógras clubanna óige go seachtainiúil ar bhonn uile Éireannach. Bíonn clubanna eagraithe acu ar siúl le linn na dtéarmaí scoile. 

  • Spleodar

    Is eagraíocht é Spleodar a eagraíonn clubanna óige go seachtainiúil/coicísiúil. Tá 17 gclub óige acu timpeall na tíre a bhíonn ar siúl go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go Márta.

  • Feachtas

    Is í aidhm an eagrais ná cuidiú le forbairt phearsanta agus sóisialta daoine óga trí imeachtaí a eagrú dóibh trí mheán na Gaeilge. Eagraíonn Feachtas clubanna , campaí Samhraidh , Comórtas Tráth na gCeist Feachtas ar fúd na hÉireann agus imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge, chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a spreagadh an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh de am scoile. Bíonn clubanna Feachtas ar siúl gach seachtaint tar éis am scoile i rith bliana na scoile.

    Beidh campaí Samhraidh Feachtas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Iúil agus Lúnasa. Is deis iontach iad na campaí chun cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu trí Ghaeilge.

    Le haghaidh tuilleadh eolas faoi champaí Feachtas agus cén dóigh le cur isteach orthu https://www.feachtas.ie/ 


Eolas thuasluaite curtha le chéile ag Gaelscoileanna Teo, atá sé mar aidhm acu gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre mar aon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú.      

Céard is Gaelscoil ann?

Feidhmíonn scoil lán-Ghaeilge faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Go minic, tugtar Gaelscoil ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

                              

  • Cén fáth go roghnóinn an Gaeloideachas do mo pháiste?

    Roghnaíonn tuismitheoirí scoilíocht lán-Ghaeilge de bharr roinnt cúiseanna:

    • Tá sé fíorthábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí. 
    • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
    • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin. 
    • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
    •  An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí. 
    • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.

  • Cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dom?

    Tá léarscáileanna déanta amach ag Gaelscoileanna Teoranta agus ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag léiriú Gaelscoileanna ar fud fad na tíre.

  • Cé mhéad bunscoil lán-Ghaeilge atá ann?

    Tá 180 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht le 35,710 daltaí ag freastal orthu.

  • An féidir liom mo pháiste a chlárú le scoil lán-Ghaeilge mura bhfuil Gaeilge agam féin?

    Cinnte, is féidir. Is buntáiste é don dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.

  • Céard é Gaelscoileanna Teoranta?

    Bunaíodh Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

  • Céard é Comhairle na Gaelscolaíochta?

    Is í Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an foras atá ionadaíoch thar ceann na gaelscolaíochta in Éirinn ó thuaidh.  Chuir an Roinn Oideachais ar bun í sa bhliain 2000 leis an ngaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh. Ceann de na príomhchuspóirí atá ag CnaG is ea, féachaint leis an teacht atá ar an ghaelscolaíocht a leathnú amach do thuismitheoirí ar mian leo í a thapú dá bpáistí.

Fochatagóirí