Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..
Map
Céard?
Cén áit?
Cathain?
Bliain na Gaeilge 2018

I rith Bhliain na Gaeilge 2018 déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí.

Spriocanna:

Déanfar tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh.

Tá féilire d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail ar fud an domhain in 2018 eagraithe, agus a chuirfear léi i rith na bliana, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018.

Déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, sealbh roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal.

Spreagfar rannpháirtiocht láidir ón bpobal agus tabharfar aitheantas don obair atá idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, spreagfar próifíl agus mórtas a bpobail, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, le hiad a chosaint agus a neartú.

Spriocphobail:

Déanfar freastal ar na spri- ocphobail seo a leanas le himeachtaí na Bliana:

  1. Pobal líofa sa Ghaeilge
  2. Pobal na Gaeltachta
  3. Pobal an chúpla focal nó báúil
  4. Pobal an diaspora
Amlíne
  • Tús leis an athbheochan i gceart

    Ba ar 31 Iúil 1893, i mBaile Átha Cliath, a bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge. An aidhm a chuir an eagraíocht nua roimpi féin ná an Ghaeilge a láidriú trí labhairt agus úsáid na Gaeilge.

    Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh anois ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Tá idir abhcóideacht ar son chearta teanga fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge agus eile ar bun againn ó shin.

  • Oireachtas na Gaeilge eagraithe den chéad uair

    Tionóladh an chéad fhéile Oireachtais riamh Dé Luain, 17 Bealtaine 1897, i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda. Síolraíodh an rún áirithe seo a leanas: ‘That an Oireachtas, or public assembly, on behalf of the Irish language, be held annually by the Gaelic League, at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish’.

  • An Chéad Fhéile Raifteirí

    Tháinig uaisle na nGael le chéile ag uaigh Raifteirí i gCill Fhínín, Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Raifteirí mar fhile. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí, Dubhghlas De hÍde, Bantiarna Gregory, W.B. & Jack B. Yeats, Edward Martyn agus go leor eile.

  • Bunú Taispeántas Ealaíon an Oireachtais

    Bhí an taispeántas seo ar an gceann ba mhór le rá sa tír ar feadh na mblianta fada; tháinig borradh faoin scríbhneoireacht trí Ghaeilge mar gur léirigh an tOireachtas go m’ábhar measa í agus go raibh éileamh ag an bpobal uirthi; tugadh ardán nua do na healaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge.

  • Bunú an Chumainn Ghaelaigh, Tríonóide

    Bunaíodh an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1907. Aidhm an Chumainn sna laethanta sin ná staidéar a dhéanamh ar theanga, litríocht, seandálaíocht, ealaín agus geilleagar na hÉireann a chothú.

  • Deoraíocht foilsithe

    Foilsíodh 'Deoraíocht' le Pádraic Ó Conaire, úrscéal ceannródaíoch in athbheochan nua-litríocht na Gaeilge.

  • Oireachtas na Gaeilge i nGaillimh

    Eagraíodh Oireachtas na Gaeilge den chéad uair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

  • An Ghaeilge mar Phríomhtheanga ó dheas

    Nuair a cuireadh Bunreacht nua i bhfeidhm ag deireadh na bliana 1937, tugadh tús áite bunreachtúil don Ghaeilge den chéad uair riamh i stair na hÉireann. Is é stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann, “AIRTEAGAL 8:1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í,” bunchloch reachtúil na gceart teanga in Éireann.

  • Athbhunú an Oireachtais

    Athbhunaíodh an Oireachtais le struchtúr úr sa bhliain 1939.

  • Bunú Ógras - Ógeagras Gaeilge

    Bunaíodh Ógras i Samhain 1969 tar éis cinneadh glactha ag Conradh na Gaeilge go raibh gá le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do aos-óg na tíre 12-18 bliana d'aois, théis taighde a bhí déanta cúpla bliain roimhe sin. Ansin, i 1988, bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8-13 bl. d’aois. Nasc le níos mó eolas faoi stair Ógras thíos.

  • Bunú Craobh Glór na nGael

    Cuireadh tús le Glór na nGael i gCeatharlach nuair a labhair An tAthair Tómas Ó Fiaich faoi chuspóirí agus aidhmeanna an chomórtais ag cruinniú poiblí a tionóladh san Ostán Ríoga ar 27ú Aibreán,1970. Bhí dhá chéad,idir óg agus fásta,i láthair

    Breis eolais faoi Ghlór Cheatharlach>>
  • Raidió na Gaeltachta ag craoladh den chéad uair

    De bharr feachtas láidir náisiúnta agus áitiúil a d’eascair as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ag 3 i.n., Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Tá an stáisiún lonnaithe go príomha i gCasla, Conamara, agus is féidir éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar fud na cruinne.

  • Oireachtas na Gaeilge sa Ghaeltacht

    Eagraíodh Oireachtas na Gaeilge den chéad uair i nGaeltacht Chois Fharraige, an chéad uair sa Ghaeltacht.

  • Bunú Éigse Cheatharlach

    Saolaoidh Éigse Cheatharlach nó Éigse ’79 i Mí Aibreáin 1979. Bhí taispeántas ealaíne, cóisir fíona is cáise, céilí, siúlóid, léamh filíochta, ceolchoirm agus paráid thar deireadh seachtaine chun an phobail áitiula a spreagadh ar thaobh na Gaeilge.

  • Bunú Aisteoirí an Lóchrainn

    Bunaíodh grúpa drámaíochta lán Ghaeilge don chéad uair i 1993 ii gCeatharlach. Tá an grúpa ag dul ó neart go neart ó shin agus bhí céiliuradh 25 bliana ar an bhfód acu i mbilana.

  • An Chéad Fhéile an Fhómhair

    Is féile dhátheangach í Féile an Fhómhair a bhíonn á reáchtáil i lár Mhí Dheireadh Fómhair gach bliain. Bíonn meascán d’imeachtaí do gach aois grúpa ar clár na Féile idir drámaíocht, litríocht, ealaíon, ceol, scéalaíocht, cineama, coiméide agus siamsaíocht de gach saghas.

  • TG4 ar an aer den chéad uair

    I 1993, mar thoradh ar bhrú ón bpobal trí fheachtas fada a lean breis is 20 bliain, bheartaigh an Rialtas stáisiún teilifíse Gaeilge nua a bhunú. Lonnaíodh Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ag an am, i mBaile na hAbhann Co. na Gaillimhe, agus thosaigh an tseirbhís craolacháin ar an 31 Samhain 1996.

  • 1ú 'Fleá na bPrátaí'

    Féile a tharlaíonn uair amháin sa bhliain. Séisiúin scéalaíochta, amhránaíochta, filíochta, damhsa is ceoil i rith na féile agus béim faoi leith ar phrátaí ar an mbiachlár.

  • Aitheantas don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta

    Tugadh aitheantas don Ghaeilge ó thuaidh den chéad uair i gComhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Ag éirí as an gComhaontú seo, cuireadh Foras na Gaeilge ar bun an bhliain dar gcionn.

  • Oireachtas na Bealtaine & na Samhna

    Rinneadh an fhéile a eagrú ina dhá chuid, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna.

  • An Chairt Eorpach ó thuaidh

    Tugadh stádas don Ghaeilge in 2001 faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla achtaithe in 2003

    Ar 14 Iúil 2003, shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ó dheas. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú.

  • An Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontas Eorpaigh

    Ar 1 Eanáir 2007, tháinig stádas na Gaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Baineadh an stádas seo amach i ndiaidh feachtais láidir ón bpobal faoin mbrat ‘Stádas’.

    De bharr an stádais nua ag an teanga san Eoraip, tá níos mó úsáide á baint aisti i bParlaimint agus i gcodanna eile den Aontas Eorpach. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil anois chomh maith do dhaoine le Gaeilge.

  • An tOireachtas mar Cheanneagraíocht

    Ceapadh An tOireachtas mar Cheanneagraíocht sa mhór-réimse "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán" sa bhliain 2014.

  • Bliain na Gaeilge in 2018

    In 2018 beimid ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge trí chlár cuimsitheach gnímh agus feasachta a eagrú sa phobal. Tá breis is 70 grúpa ag léiriú tacaíochta cheana féin. Déanfar ceiliúradh ar thábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal & ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas.

+ -
X

Aimsigh imeachtaí

Brúigh ar uimhir nó biorán

Imeachtaí Bhliain na Gaeilge

Tuilleadh