Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Feachtais:

Is iomaí bealach gur féidir páirt a ghlacadh sna feachtais éagsúla a bhíonn ar siúl leis an nGaeilge nó cearta teanga a chosaint agus is fiú tacú leis na feachtais seo. 
Faoi láthair tá roinnt feachtais leanúnach ar siúl agus ó am go chéile bíonn tacaíocht de dhíth le feachtais phráinneacha.

Seo a leanas roinnt de na feachtais atá ag dul ar aghaidh agus agóidí a tharla cheana:

 

Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ le cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag mórchuid den phobal.  Tá na ceantair seo sainithe ag orduithe Rialtais.  Tugtar aitheantas don fhíric go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith le cúnamh agus cuideachta a thabhairt do na ceantair seo ionas gur féidir leo feidhmiú trí Ghaeilge agus a gcuid féiniúlachta a choinneáil slán.  Tá sé ríthábhachtach go mbeadh pobal ann ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd atá ina gcónaí ann ionas gur féidir leo gnóthlachtaí agus teaghlaigh a bhunú agus a stiúradh trí mheán na Gaeilge.

Tá ceantair Ghaeltachta i gcodanna leathana de Chontae Dhún na nGall, Chontae Mhaigh Eo, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de Chontae Chorcaí, Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge.  Chomh maith leis sin, tá oileáin Ghaeltachta ann.  Is é daonra iomlán na Gaeltachta ná 100,716 (Daonáireamh 2011). Tá thart ar 15,300 den daonra seo ina gcónaí laistigh de bhruachbhailte nua chathair na Gaillimhe.



Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus i go leor tíortha eile gach bliain.

Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain.

Tugann an fhéile deis do chuile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Cúpla Ceist Coitianta

Cén fáth go bhfuil Seachtain na Gaeilge níos faide ná seachtain?

Tá Seachtain na Gaeilge ar bun ó bhí 1902 ann agus an branda sin aitheanta go forleathan i measc mhórphobal na hÉireann.
Agus an fhéile ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas, d’fhás tréimhse na féile ó sheachtain amháin go  tréimhse coicíse ach níor athraigh an t-ainm toisc go n-aithnítear í go forleathan.

Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh?

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fhéile trí bhealacha éagsúla:

  • Imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Eagraithe Imeachtaí i gcomhair treoracha agus comhairle
  • Freastal ar imeacht Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Imeachtaí do liosta na n-imeachtaí ar fad a bheidh ar siúl
  • Bain níos mó úsáide as an nGaeilge le linn na féile: sa bhaile, le do chairde, ar an nguthán, i do ríomhphoist agus póstálacha ar na meáin shóisialta – féach ar an rannóg Acmhainní Teanga do liostaí frásaí agus acmhainní eile chun cabhrú leat

Cá mbeidh an t-eolas faoi na himeachtaí?

Ceannaigh clár oifigiúil na féile Sult, a eisítear leis an Irish Daily Mail gach bliain, an t-aon áit a mbeidh liosta iomlán na n-imeachtaí curtha i gcló agus chomh maith leis sin, beidh ailt, agallaimh, míreanna spóirt, ceoil agus teicneolaíochta.
Is iris dátheangach í seo atá iontach d’fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairtí nua maidir leis an nGaeilge.
Is féidir an clár a fheiceáil freisin ar www.snag.ie.

 

Bíonn imeachtaí ardú feasachta á reáchtáil i rith na mbliana ag Conradh na Gaeilge agus ag craobhacha áitiúla thart timpeall na tíre.  Is féidir do chraobh áitiúil a aimsiú anseo.  Seo thíos roinnt imeachtaí ardú feasachta a bhíonn á n-eagrú go rialta ag foireann Chonradh na Gaeilge.

Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an
gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn
ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an
fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain.  Tá tuilleadh eolais
maidir leis an bhféile ar fáil anseo nó ar www.snag.ie.


Cómhrá 24/7

Bíonn Comhrá ar siúl uair in aghaidh na bliana.  Comhrá
leanúnach as Gaeilge ar feadh seachtaine a bhíonn i gceist agus
bíonn sé ar fad le feiceáil ar líne. Glacann grúpaí éagsúla ar fud
an domhain páirt sa gcomhrá beo seo a tharla don chéad uair i
2013 i mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Is féidir tuilleadh a eolais
a fháil tríd ríomhphost a sheoladh chuig comhra@cnag.ie nó
glaoch a chur ar 01 4757401.


Seó Bóthair

Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó mar chuid thábhachtach
den fhéilire scoile.  Beimid ar an mbóthar gach seachtain ag
spreagadh daltaí i scoileanna fud fad na tíre. Beidh deis
ag na daltaí foghlaim faoi thábhacht na Gaeilge i 1916 agus faoin
mborradh atá tágtha ar an teanga ó shin. Táimid an-bhuíoch den
Roinn Oideachais & Scileanna as a gcuid tacaíochta le Seó Bóthair
2016 a eagrú.  Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a aimsiú anseo.


Gaeilge 24

Dúshlán atá i nGaeilge 24 a chuireann dualgas orthu siúd atá ag
glacadh páirte gan ach Gaeilge a labhairt ar feadh lá iomlán.  Is í
aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh an Ghaeilge
a úsáid ar feadh 24 uair a’ chloig; ar scoil, sa bhaile, le cairde, i
siopaí, le clubanna spóirt agus eile!  Is féidir clárú nó tuilleadh
eolais a aimsiú anseo.

 

Tá sé cheanneagraíocht maonaoithe ag Foras na Gaeilge.
Díríonn gach ceann de na sé cheanneagraíocht isteach ar shainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre. Bíonn na ceanneagraíochtaí ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin.

Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin.

Gaelscoileanna Teo

Is eagraíocht é Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an
nGaeloideachas – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus
meánscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht.

Conradh na Gaeilge

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge
agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na
Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann agus
timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an
Chonartha gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach
gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus cúrsaí oideachais go dtí
forbairt na meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.

 

Cumann na bhFiann

Is í an phríomhaidhm atá ag Cumann na bhFiann ná deiseanna
úsáide na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga lasmuigh
den scoil. Cabhraíonn seo le nósmhaireacht a chothú iontu,
an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisiallta.

Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur
chun cinn chun leasa na Gaeilge.  Cuimsíonn gníomhchlár Gael
Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí
chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.

 

Glór na nGael

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha
teanga trí chomórtas idir grúpaí pobail. Tá freagracht ar
leith ag Glór na nGael I dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge
sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus
forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

 

Oireachtas na Gaeilge

Faoi láthair reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile
bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna a bhí, chomh maith le
Comórtas Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide
an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán
eile.  ‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ de chuid lucht rialaithe na hÉireann
an chiall a bhí leis an bhfocal `oireachtas` sa 7ú haois. Go dtí
an lá atá inniu ann leanann Oireachtas na Gaeilge de thraidisiún
uasal an tionóil agus na díospóireachta, a bhunaigh ár sinsir
na céadta bliain ó shin, ag cur fáilte roimh óg agus aosta,
scríbhneoirí, filí, amhránaí, damhsóirí, ealaíontóirí, scéalaithe,
aisteoirí, aithriseoirí, cumadóirí ceoil agus amhráin, ceoltóirí
agus pobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.

 

 

Fochatagóirí