Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

I mí Eanáir 2015 d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint: 2015 – 2035. Tugann an Straitéis seo treoir don Fheidhmeannas agus leagann sé spriocanna síos i dtaca le forbairt na Gaeilge sna blianta atá romhainn.

Tá an Straitéis seo bunaithe ar na dualgais a cuireadh ar an Rialtas trí Chomhaontú an Chéasta 1998, Comhaontú Chill Rímhinn 2006, Clár an Rialtais 2011-2015, An Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus An Coinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe. I measc rudaí eile, tá sé mar aidhm ag an Straitéis seo ná dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh theanga na Gaeilge anseo agus leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha.

Seo a leanas na cuspóirí a leagtar síos sa Straitéis:

  1. Líon na ndaoine atá ag sealbhú na Gaeilge tríd an Ghaelscolaíocht a mhéadú
  2. Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge i gcóras oideachais an Bhéarla a mhéadú
  3. Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge taobh amuigh den chóras fhoirmiúil a mhéadú
  4. Tacú le méadú i líon na bpáistí atá á dtógáil trí Ghaeilge
  5. Na hoibleagáidí uilig a bhaineann leis an Ghaeilge faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chomhlíonadh
  6. Rochtain ar mheáin ardcháilíochta Ghaeilge a mhéadú
  7. Feasacht ar luach eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeilge a mhéadú
  8. Cosaint reachtaíochta a ghnóthú don Ghaeilge
  9. Pleananna agus tionscnaimh phobalbhunaithe, áitiúla, inbhuanaithe agus ardcháilíochta don Ghaeilge a fhorbairt
  10. Deiseanna a chur ar fáil an Ghaeilge a úsáid don réimse is leithne daoine agus is féidir trí ghréasáin theaghlaigh, shóisialta agus phobail a spreagadh
  11. Tacú le méadú an líon daoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil
  12. Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú i ngach cuid den phobal
  13. Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú sa phobal Phrotastúnach, Aontachtach, Dhílseach

Is féidir an Straitéis iomlán a léamh anseo

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d’fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD ag tús na Samhna 2011 agus súil againn an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge. Bhí go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal chun aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca leis an athbhreithniú seo agus chuireamar aighneacht shamplach agus aighneacht Chonradh na Gaeilge ar fáil chun cabhrú le daoine aighneacht dá gcuid féin a líonadh amach.

D’fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

 

Fógraíodh é seo in ainneoin gur fógraíodh an t-athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla níos lú ná coicís roimh ré, athbhreithniú a raibh ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. Bhí an t-athbhreithniú á stiúradh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus luadh go sonrach go rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí eile, an pobal i gcoitinne – agus Oifig an Choimisinéara Teanga.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cruinniú práinneach eile le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé ag 2.00in Dé hAoine, 02 Nollaig 2011, agus reáchtáltadh an cruinniú in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn, Gaillimh (trasna ó Óstán Menlo Park).

Sa bhreis ar an éileamh chun an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga, mhol Conradh na Gaeilge na hathruithe seo a leanas mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. Ní mór an t-éileamh náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoin Acht a chothú ar bhonn pro-ghníomhach freisin, agus an tseirbhís Ghaeilge a dhíol leis an bpobal mar rogha comhchaighdeánach leis an tseirbhís Bhéarla;
  • Go dtabharfaí faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla leis; agus
  • Ba chóir go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.

Buíochas le feachtas láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a rinne an cinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga a throid le breis agus dhá bhliain anuas, chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais a fógraíodh Dé hAoine, 4 Aibreán 2014, gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Is dea-scéal é do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil an Rialtas tar éis éisteacht linn ar deireadh agus cinneadh a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách agus gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe le hOifig an Ombudsman. Tá ardmholadh ag dul do gach duine a sheas le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách le dhá bhliain anuas.

Tá Conradh na Gaeilge den tuairim, áfach, go bhfuil go leor leasaithe fós ag teastáil ar na cinn billí Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 agus beidh an eagraíocht ag cur moltaí an phobail chun cinn go láidir sna seachtainí os ár gcomhair. Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir don Rialtas ó dheas na nithe seo a leanas agus eile a áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2014 má tá siad dáiríre faoin reachtaíocht a chosnaíonn cearta daonna bunúsacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a láidriú, ní a lagú:

  • Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile;
  • Ba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, a chur in áit córas na scéimeanna nach bhfuil ag feidhmiú i gceart le roinnt blianta anuas;
  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030; agus
  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge).

Ba léir ón bpróiseas aighneachtaí agus suirbhéanna mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2012 go bhfuil láidriú, ní lagú, á lorg ag an bpobal ó thaobh na reachtaíochta chun a gcearta teanga a chosaint de. Níl dáta leagtha amach i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, mar shampla, go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030.

Chomh maith leis na heasnaimh sin ar fad, tá míreanna sna cinn billí d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014 a lagóidh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sna cinn billí go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht go láidir ar an Rialtas agus ar an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr, agus an Ghaeltacht sna seachtainí os ár gcomhair le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 a láidriú, ní a lagú. Bí Linn!

Tá sé de cheart ag duine ar bith cumarsáid a dhéanamh leis an stáit trí mheán na Gaeilge, ceart atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann a cheadaíonn don té gach gnó agus gach cuid dá ghnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.

Go praiticiúil, áfach, is minic nach mbíodh aon soláthar éifeachtach déanta chun seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith lena soláthar i mBéarla.

                                                   

  • Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag cur an scéil seo ina cheart agus seo a leanas cuid de na rudaí gur féidir leatsa a dhéanamh trí Ghaeilge.

    • Ní hamháin gur féidir leat do cheadúnas tiomána a fháil ón gComhairle Contae nó ón gComhairle Cathrach is cóngaraí duit trí Ghaeilge, ach is féidir leat rialacha tiomána a fháil i nGaeilge ón Údarás um Shábháilteacht Ar Bhóithre agus tá lánchéad agat an scrúdú tiomána féin a dhéanamh sa teanga chéanna. Agus má tá aon rud le plé agat le Garda ar bith, is féidir labhairt leis nó léi i nGaeilge freisin!
    • Ba chóir go mbeadh gach fógra taifeadta de chuid CIÉ, Iarnród Éireann agus Bus Éireann i nGaeilge agus i mBéarla ionas nach gcailleann tú an bus sin chuig an bhféile mhór cheoil sin i gContae Laoise mar shampla!
    • Má tá tú ag taisteal níos faide ó bhaile i mbliana, cén fáth nach n-ordaíonn tú do phas trí Ghaeilge? Ba chóir go mbeadh seirbhís Gaeilge á sholáthair ag na húdaráis aerfoirt duit freisin, mar sin labhair Gaeilge leo. Léirigh don domhan mór go bhfuil grá agat don Ghaeilge!
    • Is féidir gach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge in oifigí poist fud fad na tíre. Ordaigh do stampaí trí Ghaeilge amach anseo!
    • Tagann gach ospidéal poiblí agus fiú Cumann Croise Deirge na hÉireann faoi bhráid an Achta, mar sin ná bí buartha má tá tú bréan breoite den Bhéarla: tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a fháil uathu agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin!
    • An bhfuil gearán nó moladh le déanamh agat i dtaca le cúrsaí teilifíse nó raidió? Is comhlacht poiblí é RTÉ agus is féidir leat seirbhís Ghaeilge a lorg uathu aon uair gur mian leat. Cuir in iúl dóibh gur fiú an Ghaeilge!
    • Má tá féith na n-ealaíon agus an chultúir go smior ionat, bíodh a fhios agat gur féidir leat seirbhís Ghaeilge a lorg ó Amharclann na Mainistreach, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, gach iarsmalann de chuid an Stáit agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis. Cuir gothaí an chultúir agus na Gaeilge ort féin inniu!
    • Ní deas an rud é riamh do chuid chánach a íoc ach más gá, ar a laghad is féidir plé le hOifig na Cánach trí Ghaeilge anois!
    • Ag filleadh ar an oideachas mar mhac léinn lánfhásta? Má lorgaíonn tú eolas ó ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta i nGaeilge, tá sé de cheart agat gach litir nó ríomhphost ar ais uathu a fháil sa teanga chéanna. Ar an dóigh chéanna, más spéis leat cúrsa FÁS nó Teagaisc a dhéanamh, tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a fháil uathu freisin. Labhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna trí Ghaeilge inniu!
    • Má scríobhann tú chuig aon chomhlacht poiblí nó roinn stáit i nGaeilge, tá sé de cheart agat freagra a fháil i nGaeilge.

Glac leis an deis do chuid Ghaeilge a úsáid ag plé le comhlachtaí poiblí agus má tá aon fhadhb agat, bí i dteagmháil leis an gConradh ag glacleis@cnag.ie nó leis an gCoimisinéir Teanga ag eolas@coimisineir.ie.

Tá sé leagtha sios sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh gur féidir le lucht na Gaeilge í a úsáid nuair a bhíonn siad ag scríobh chuig Ranna nó Gníomhaireachtaí Rialtais nó ag glaoch orthu. Níl aon dualgais ar Ranna ná Gníomhaireachtaí Rialtais freagairt i nGaeilge, cé go bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh.

Ciallaíonn sé sin go bhféadann tú scríobh i nGaeilge ar fhoirmeacha iarratais, thuairisceáin chánach agus mar sin de. Ba cheart a choimeád i gcuimhne toisc gurb é Béarla teanga oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann go mbeidh uirthi an chuid is mó den ábhar a chuirfear isteach i nGaeilge a aistriú, agus mar sin d’fhéadfadh go dtógfadh sé beagáinín níos faide freagra a thabhairt. 

Is féidir leat glaoch a chur ar an Rialtas i nGaeilge. Tá glórphoist curtha ar bun chun é sin a cheadú freisin: 028 90515252

Déan cinnte le do thoil go sonraíonn tú cé dó/di an teachtaireacht agus tabhair do sheoladh ionas gur féidir freagra a sheoladh chugat i ndiaidh do do theachtaireacht a bheith aistrithe.

Is iomaí ábhar ríomhfhoghlama atá ar fáil le cuidiú le foghlaim na Gaeilge.  Idir fhoclóirí agus aipeanna, tá foinsí luachmhara ann a chabhróidh le saibhreas teanga, foghraíocht, nathanna nua a fhoghlaim agus scileanna léitheoireachta agus scríobh na Gaeilge a fheabhsú.

Maidir le foclóirí tá;

Focloir.ieFoclóir Béarla-Gaeilge Fhoras na Gaeilge

Téarma.ie (Fiontar)
Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

Teanglann.ieSonraí foclóireachta, gramadaí agus foghraíochta a bhaineann le focail sa Ghaeilge

Foclóir Beag (Ollscoil Luimnigh)
Léargas ar struchtúir agus foirmeacha éagsúla na briathra coitianta sa Ghaeilge.

Gaois.ieAcmhainní éagsúla ar fáil anseo, m.sh; Corpas Aonteangach; Corpas Comhthreomhar; Téarmaíocht agus Bailiúchán nathanna 

 

Tá Gaeilge ar fáil ar aipeanna ar nós Duolingo, atá úsáideach dóibh siúd a bhíonn gnóthach ach atá ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh ar a scileanna teanga.


Vifax (Ollscoil Mhá Nuad) an-úsáideach le cleachtadh a dhéanamh ar scileanna bainteach leis an léamhthuiscint nó an cluastuiscint.  Bíonn ceachtanna Gaeilge ag meánleibhéal agus ag bunleibhéal ar fáil ar an suíomh chuile sheachtain, bunaithe ar mhíreanna as Nuacht TG4.

Chomh maith le hábhair bainteach le foghlaim na teanga, tá suíomhanna ar nós Logainm.ie, ar a bhfuil eolas maidir le logainmneacha na hÉireann le fáil, nó Dúchas.ie, tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ceann de na cnuasaigh bhéaloidis is mó ar domhan.

Fochatagóirí